Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair

Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair
10 Seachtaine
20 Uair
5 Leibhéal
Ar an Látháir

Cur síos

An bhfuil spéis agat snas a chur ar do chuid Gaeilge nó tús a chur le d'aistear foghlama i seomra ranga ina bhfuil atmaisféar spraíúil, idirghníomhach? Tapaigh an deis agus cláraigh ar chúrsa Gaeilge a bheidh ar siúl in oifigí Ghaelchultúir ag 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2.

Cé air a bhfuil siad dírithe?

Gach duine! Tá ár gcúrsaí Gaeilge ar fáil ag 8 leibhéal éagsúla agus freastalaíonn siad ar gach leibhéal cumais agus cúlra teanga. Más glantosaitheoir thú nó má theastaíonn uait cruinneas gramadaí a bhaint amach tá cúrsa againn a oirfidh duit.

Cén fhad atá na cúrsaí Gaeilge?

• 10 seachtaine
• Rang 2 uair an chloig ar an láthair, uair sa tseachtain

Cad a fhoghlaimeoidh mé?

Forbróidh tú scileanna teanga riachtanacha bunaithe ar an gcaint laethúil le linn an chúrsa. Cuirfidh tú le do stór focal, foghlaimeoidh tú míreanna gramadaí i gcomhthéacs agus cuirfidh tú le do líofacht agus le do mhuinín i labhairt na Gaeilge. Dírítear ar scileanna cainte agus éisteachta ach bíonn cleachtaí scríbhneoireachta agus léitheoireachta mar chuid den fhoghlaim freisin.

Tá Cruinneas 1 agus Cruinneas 2 éagsúil agus cé go mbíonn neart deiseanna cainte iontu, cuirtear níos mó béime ar an scríobh agus ar an ngramadach sna ranganna seo.

Cad iad na topaicí a chlúdófar?

Cé go mbíonn éagsúlacht idir na leibhéil éagsúla, seo blaiseadh de na topaicí a chlúdaítear sna ranganna:
• Cúlra & Áit Chónaithe
• An Saol Laethúil
• Laethanta Saoire agus Taisteal
• An Saol Oibre
• Cúrsaí Oideachais
• Bia agus Deoch
• Na Meáin Chumarsáide
• An Litríocht
• Logainmneacha

Cad ar féidir liom a bheith ag súil leis?

• 20 uair an chloig de ranganna
• Saineolaí teanga
• Leabhrán digiteach a bhfuil ábhar iomlán an chúrsa ann
• Rochtain ar chúrsa ríomhfhoghlama ar ranganna.com
• Ranganna bríomhara idirghníomhacha a dhíríonn ar an teanga laethúil
• Obair bheirte agus obair ghrúpa

Céard eile atá uaim?

Seolfar an leabhrán chugat trí ríomhphost roimh an gcéad rang. Beidh uasmhéid de 18 bhfoghlaimeoir i ngach rang. Is féidir leat tabhairt faoin leibhéal céanna faoi thrí (san earrach, sa samhradh agus san fhómhar) agus beidh fáil agat ar ábhar foghlama nua gach uair. Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal is oiriúnaí duit, bain triail as ár dtástáil ghairid ar líne.

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus cuig duine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.