Cúrsaí Gaeilge ar líne: Meiriceá/Ceanada (EST)

Cúrsaí Gaeilge ar líne: Meiriceá/Ceanada (EST)
10 Seachtaine
20 Uair
4 Leibhéal

Cur síos

An bhfuil cónaí ort i Meiriceá Thuaidh agus spéis agat snas a chur ar do chuid Gaeilge nó tús a chur le d'aistear foghlama i rang spraíúil, idirghníomhach? Tapaigh an deis agus cláraigh ar chúrsa Gaeilge ar líne sa tráthnóna (EST) le Gaelchultúr.

Cé air a bhfuil siad dírithe?

Gach cineál foghlaimeora! Tá ár gcúrsaí Gaeilge ar líne ar fáil ag 4 leibhéal éagsúla agus freastalaíonn siad ar ghlantosaitheoirí (A1) agus na leibhéil ar fad chomh fada leis an meánleibhéal (B2).

Cén fhad atá na cúrsaí Gaeilge ar líne?

• 10 seachtaine
• Rang 2 uair an chloig ar líne, uair sa tseachtain

Cad a fhoghlaimeoidh mé?

Forbróidh tú scileanna teanga riachtanacha bunaithe ar an gcaint laethúil le linn an chúrsa. Cuirfidh tú le do stór focal, foghlaimeoidh tú míreanna gramadaí i gcomhthéacs agus cuirfidh tú le do líofacht agus le do mhuinín i labhairt na Gaeilge. Dírítear ar scileanna cainte agus éisteachta ach bíonn cleachtaí scríbhneoireachta agus léitheoireachta mar chuid den fhoghlaim freisin.

Cad iad na topaicí a chlúdófar?

Cé go mbíonn éagsúlacht idir na leibhéil éagsúla, seo blaiseadh de na topaicí a chlúdaítear sna ranganna:
• Cúlra & Áit Chónaithe
• An Saol Laethúil
• Laethanta Saoire agus Taisteal
• An Saol Oibre
• Cúrsaí Oideachais
• Bia agus Deoch
• Na Meáin Chumarsáide
• An Litríocht

Cad ar féidir liom a bheith ag súil leis?

• 20 uair an chloig de ranganna ar líne
• Saineolaí teanga
• Leabhrán digiteach a bhfuil ábhar iomlán an chúrsa ann
• Rochtain ar chúrsa ríomhfhoghlama ar ranganna.com
• Ranganna bríomhara idirghníomhacha a dhíríonn ar an teanga laethúil
• Obair bheirte agus obair ghrúpa

Céard eile atá uaim?

Bíonn na ranganna ar siúl ar Zoom agus seolfar an nasc cuí agus an leabhrán chugat trí ríomhphost roimh an gcéad rang. Níl ort ach logáil isteach agus is féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim gan stró cibé cá bhfuil tú lonnaithe. Is féidir leat tabhairt faoin leibhéal céanna faoi thrí (san earrach, sa samhradh agus san fhómhar) agus beidh fáil agat ar ábhar foghlama nua gach uair. Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal is oiriúnaí duit, bain triail as ár dtástáil ghairid ar líne.

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó, ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
Cuirfear nasc Zoom chugat ar an ríomhphost roimh thús an chúrsa. Beidh an nasc sin le húsáid agat le logáil isteach ar an rang gach seachtain.
Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht duine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.