Cuir isteach do ríomhphost agus pasfhocal
Dianchúrsa Ullmhúcháin do Bhéaltriail na hArdteiste - Aibreán 2010
Is fiú 25% de mharc iomlán na Gaeilge san Ardteist an bhéaltriail, do dhaltaí gnáthleibhéil agus ardleibhéil araon. Tá sé mar aidhm ag Gaelchultúr seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil chun a chinntiú go mbainfidh na rannpháirtithe na marcanna is airde amach sa bhéaltriail.
Le linn an chúrsa seo, beidh na rannpháirtithe :
• Ag díriú ar na hábhair chainte a bhíonn i gceist sa bhéaltriail;
• Ag feabhsú agus ag forbairt a gcuid scileanna cainte i seomra ranga ina mbeidh atmaisféar cairdiúil, fóinteach;
• Ag cur lena stór focal agus lena n-eolas ar an ngramadach;
• Ag tabhairt faoi bhéaltriail bhréige agus gheobhaidh siad aiseolas láithreach.
Díreofar ar gach gné den bhéaltriail le linn an chúrsa, léamh na sleachta san áireamh.
Baile Átha Cliath - Dé Céadaoin, 7 Aibreán 2010 (10 r.n. - 4 i.n.)
Corcaigh - Dé Céadaoin, 7 Aibreán 2010 (10 r.n. - 4 i.n.)
Ceatharlach - Dé Céadaoin, 7 Aibreán 2010 (10 r.n. - 4 i.n.)
Baile Átha Luain - Dé Céadaoin, 7 Aibreán 2010 (10 r.n. - 4 i.n.)
Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomphost chugainn: eolas@gaelchultur.com nó glaoigh ar 1890 252 900

Gaelchultúr - an rogha is fearr
• Toisc na ranganna beaga faigheann gach dalta aird phearsanta (uasmhéad 18 dalta i ngach rang);
• Cuirfear béaltriail bhréige de 15 nóimead ar gach dalta;
• Cuirfear bileoga den scoth ar fáil agus treoir ó mhúinteoirí a mbeidh an-taithí acu sa seomra ranga;
• Cuirfear ábhar ar fáil saor in aisce ar líne, taifeadtaí de na sleachta léitheoireachta san áireamh
Cosnóidh an dianchúrsa ullmhúcháin seo €145. Beidh na ranganna ar siúl ó 10.00 a.m. - 1.00 p.m. agus 2.00 - 4.00 p.m.
Cuireann Gaelchultúr cúrsa ullmhúcháin don bhéaltriail ar fáil ar líne. Tá an cúrsa praiticiúl seo ar fáil anois ar an suíomh ríomh-fhoghlama, www.ranganna.com.
• Beidh teacht ag na mic léinn ar na sleachta próis, agus beidh siad ábalta éisteacht leo á léamh ag cainteoirí sna canúintí cuí. Tá aistriúchán go Béarla de na sleachta curtha ar fáil freisin;
• Beidh deis acu feabhas a chur ar a stór focal agus súil siar a dhéanamh ar rialacha gramadaí
• Cleachtaí idirghníomhacha a dhéanamh bunaithe ar ábhar an chúrsa.
Tá clár raidió darb ainm 'Labhair Leat', ar treoir é do bhéaltriail Ghaeilge na hArdteiste, curtha le chéile ag Gaelchultúr agus le fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama www.ranganna.com. Tá an clár 24 nóiméad seo saor in aisce agus tá script an chláir agus aistriúchán ar an nGaeilge go léir atá ann curtha ar fáil freisin. Chun éisteacht le 'Labhair Leat', níl le déanamh agat ach clárú anseo.
Chun tuilleadh eolais faoin dianchúrsa ná faoin gcúrsa ar líne a fháil ná chun a bheith curtha ar liosta seoltaí oralirish.ie, seol ríomhphost ag eolas@gaelchultur.com.