Logáil isteach, mic léinn

Cuir isteach do ríomhphost agus pasfhocal

Pasfhocal dearmadta?
Students

Nuacht

Facebook

Lean muid ar www.facebook.com...

Foras na Gaeilge

8 leibhéil forbartha ag Gaelchultúr, ó Bhunrang 1 go dtí Cruinneas sa Ghaeilge 2.

Na leibhéil éagsúla:

Bunrang 1
Dírithe orthu siúd nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge. Níl an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an Gaeilge ar scoil. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite simplí laethúla agus beidh eolas bunúsach acu ar an ngramadach.

Bunrang 2
Oiriúnach do dhaoine a rinne cúpla cúrsa ag an mbunleibhéal cheana féin nó atá ábalta cumarsáid bhunúsach a dhéanamh (e.g., beannú do dhaoine, iad féin a chur in aithne). Bíonn an bhéim sa chúrsa seo ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó.

Meánrang 1

Oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Bíonn an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach bíonn deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh ó am go chéile freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Meánrang 2
Feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla. Bíonn seans ag na rannpháirithe cur lena stór focal agus lena n-eolas ar ghramadach na teanga. Déantar plé ar thopaicí níos casta ná na cinn a bhíonn i gceist i Meánrang 1 agus bíonn níos mó béime ar an léitheoireacht ná mar a bhíonn sa leibhéal níos ísle sin.

Ardrang 1
Dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí reatha agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás). Bíonn seans ag na rannpháirtithe saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge, leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach agus roinnt mhaith léitheoireachta agus éisteachta a dhéanamh.

Ardrang 2

Tá Ardrang 2 oiriúnach dóibh siúd a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge agus ar mian leo deis a fháil ar dhíriú ar réimse leathan topaicí, agus a bheith ag scríobh agus ag léamh na teanga ar bhonn rialta. Tá béim sa leibhéal seo chomh maith, mar atá in Ardrang 1, ar shaibhriú na Gaeilge agus ar chruinneas na gramadaí.

Cruinneas sa Ghaeilge 1
Dírithe orthu siúd a bhfuil Gaeilge labhartha an-mhaith acu ach nach bhfuil ró-eolach ar ghramadach na teanga. Dírítear ar bhunchoincheapa de chuid na gramadaí agus ar fhorbairt scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta na rannpháirtithe. Baintear úsáid as ábhar dílis (e.g. ailt as irisí agus nuachtáin) agus bíonn réimse leathan gníomhaíochtaí i gceist. An-oiriúnach dóibh siúd atá ag obair trí mheán na Gaeilge, e.g. státseirbhísigh agus múinteoirí.

Cruinneas sa Ghaeilge 2
Dírítear ar ghnéithe níos casta den ghramadach sa rang seo ná mar a dhéantar i gCruinneas 1 agus bíonn ceachtanna níos dúshlánaí i gceist sa seomra ranga. Tugtar aghaidh ar na fadhbanna a thagann chun cinn go rialta san aistriúchán agus i scríobh na teanga ag leibhéal an-ard. Bainfidh aistritheoirí, iriseoirí agus cainteoirí dúchais, i measc daoine eile, tairbhe as na ranganna seo.

 


SQL/DB Error -- [Table 'Gaelchu_tur.subsubnav' doesn't exist]