Logáil isteach, mic léinn

Cuir isteach do ríomhphost agus pasfhocal

Pasfhocal dearmadta?
Students

Nuacht

Facebook

Lean muid ar www.facebook.com...

Foras na Gaeilge

Cuireann Gaelchultúr ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta ag trí am éagsúla i rith na bliana:

Cúrsa A, Meán Fómhair - Nollaig
Rang dhá uair an chloig, oíche sa tseachtain thar dhá sheachtain déag. 24 uair de ranganna ar fad.

Cúrsa B, Feabhra - Bealtaine
Rang dhá uair an chloig, oíche sa tseachtain thar dhá sheachtain déag. 24 uair de ranganna ar fad.

Cúrsa C, Samhradh
Rang dhá uair an chloig, oíche sa tseachtain thar sé seachtaine. 12 uair de ranganna ar fad.

Bíonn na ranganna ar siúl idir 7.00 - 9.00 p.m. Athraíonn ábhar na ranganna ó chúrsa go cúrsa, mar sin is féidir le foghlaimeoir freastal ar na trí cinn thuas.

Cuireann Gaelchultúr ranganna ar fáil i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.
Tabhair cuairt ar leathanach na gcúrsaí chun an t-ionad is cóngaraí duitse a aimsiú nó cliceáil anseo


Cur chuige múinteoireachta

Is é Éamonn Ó Dónaill MA stiúrthóir na gcúrsaí Gaeilge. Tá Éamonn ag múineadh daoine fásta le beagnach tríocha bliain anuas agus tá leabhair foilsithe aige do lucht múinte na Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí na teanga, na cúrsaí ilmheán Turas Teanga (2004) agus Now You’re Talking (1995), agus na leabhair ghramadaí Teach Yourself Irish Grammar (2005) agus Gramadach gan Stró! (2008), ina measc.

Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach i ranganna Ghaelchultúir. Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, rud a thugann deis do na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid atá múinte dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt agus ar éisteacht na teanga den chuid is mó. Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr, agus leanann gach rang ag gach leibhéal na siollabais seo.


An leibhéal is oiriúnaí duitse

Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na leibhéil ar fáil anseo.
Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal is fearr a d’oirfeadh duit, téigh i dteagmháil linn agus beimid in ann comhairle a chur ort. Is féidir leat freisin triail a bhaint as ár dtriail socrúcháin teanga ar líne – tá sí ar fáil anseo.


SQL/DB Error -- [Table 'Gaelchu_tur.subsubnav' doesn't exist]