Nuachtlitir #20: Nollaig 2012

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí na Nollag de Nuachtlitir Ghaelchultúir agus an t-eagrán deireanach den bhliain.

Nollaig shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise duit!

Gaelchultúr

Cárta Nollag i nGaeilge

Tá cárta Nollag deartha ag Gaelchultúr is féidir leat a phriontáil agus a sheoladh chuig do chairde.

Tuilleadh eolais anseo ...

Tús curtha leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Chuir Gaelchultúr tús le cúrsa nua, Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, i mí Dheireadh Fómhair agus faoi fhómhar na bliana seo chugainn tá sé beartaithe ag an gcomhlacht an sainchúrsa seo don earnáil phoiblí a thairiscint ag ceithre leibhéal éagsúla.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dea-rún don bhliain nua!

An bhfuil dea-rúin á lorg agat féin don bhliain atá romhainn? Má tá, tá moladh ag Gaelchultúr duit: tabhair faoi chúrsa Gaeilge dár gcuid!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dianchúrsa Ghaelchultúir: Tearmann do shaoithíní gramadaí ó bhí 2010 ann!

Ná bí in éad leis na saoithíní gramadaí – bí féin i do shaoithín gramadaí le cabhair ón Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ó Ghaelchultúr!

Tuilleadh eolais anseo ...

Moladh mór faighte ag an gCúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia

Tá cur chuige nuálach á úsáid ag Gaelchultúr i gcás an Chúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia agus dealraíonn sé go dtaitníonn sé leis na rannpháirtithe, go háirithe an ghné ar líne.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na Míosa ar siopa.ie: leabhair ClubLeabhar.com ar €72 (an gnáthphraghas: €80)

Is é Margadh na Míosa do mhí na Nollag ná lascaine de 10% ar phraghas na leabhar atá roghnaithe ag ClubLeabhar.com don tréimhse Eanáir-Meitheamh 2013, má cheannaítear na sé leabhar sin le chéile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Saothair ficsin den scoth roghnaithe ag ClubLeabhar.com

Sé leabhar ficsin atá roghnaithe ag ClubLeabhar.com don dara cuid de shraith 2012–2013, an clasaic Dúil le Liam Ó Flaithearta ina measc.

Tuilleadh eolais anseo ...

Frásaí Gaeilge do shéasúr na Nollag

Idir 20 Nollaig agus 6 Eanáir tabharfar tús áite i bhfíseáin “Frása an Lae” d’abairtí a bhaineann go sonrach leis an Nollaig agus an Bhliain Nua. Beidh na habairtí seo an-úsáideach dóibhsean ar mian leo beannachtaí na féile a ghuí ar a ngaolta agus ar a gcairde, ó bhéal nó i scríbhinn.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge: Craic, ceolchoirmeacha, comóradh agus Kíla!

Caith uait an sceideal teilifíse, tabhair neamhaird ar na cártaí Nollag atá le scríobh agat go fóill agus déan an Nollaig agus an athbhliain a cheiliúradh go fonnmhar i mbliana ag ceann de na hócáidí Gaeilge a bheidh á reáchtáil sna seachtainí atá amach romhainn.

Tuilleadh eolais anseo ...

Bronntanais Nollag do lucht na Gaeilge

Má tá splanc inspioráide de dhíth ort agus bronntanais Nollag á lorg agat, tá tú tagtha ar an alt ceart. Tá liosta moltaí curtha le chéile ag Gaelchultúr de bhronntanais dóibh siúd, bíodh siad óg nó aosta, a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Tá luach breis is €800 de ranganna Gaeilge oíche, de chúrsaí ríomhfhoghlama agus d’acmhainní teanga á dtairiscint mar dhuaiseanna i gcomórtas Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí Mheán Fómhair

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí Mheán Fómhair!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Is é 2013 Bliain na Gaeilge agus tá gach eolas ar an suíomh gaeilge2013.ie faoi na himeachtaí éagsúla a bheidh ar siúl le linn na bliana leis an teanga a cheiliúradh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Amhrán na míosa

Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...