Nuachtlitir #18: Meitheamh 2012

Fáilte!

Tá neart eolais in eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir faoi imeachtaí an chomhlachta féin agus faoi imeachtaí eagraíochtaí eile. Mar sin, má tá tú ar thóir cúrsa teanga nó caitheamh aimsire Gaeilge, is anseo a gheobhaidh tú an chomhairle is fearr.

Gaelchultúr

Cúrsaí EPV ar líne: deis do mhúinteoirí staidéar a dhéanamh ar a sócúlacht

Ní gá do mhúinteoirí bunscoile ligean don fhorbairt ghairmiúil cur isteach ar scíth an tsamhraidh – is féidir leo cúrsa EPV ar líne a dhéanamh le Gaelchultúr agus a bheith ag staidéar ar a sócúlacht agus iad sínte amach ar chathaoir shuaimhnis cois trá!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile – saor in aisce!

Tá dianchúrsa á reáchtáil ag COGG arís i mbliana do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge agus ní bheidh aon táille le híoc ag na rannpháirtithe.

Tuilleadh eolais anseo ...

Suíomh nua agus ionad nua ag Gaelchultúr

Tá suíomh gréasáin nua Ghaelchultúir ar líne ó bhí an chéad lá den mhí ann agus i gceann cúpla lá beidh foireann an chomhlachta ag fágáil slán ag Barra an Teampaill, áit a bhfuil siad lonnaithe le seacht mbliana go leith anois.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa ar siopa.ie:
An Béal Bocht le Myles na gCopaleen
ar €7.99 (an gnáthphraghas: €9.99)

An Béal Bocht le Myles na gCopaleen atá roghnaithe againn mar earra mhí na Bealtaine ar siopa.ie agus tá sé ar fáil ar €7.99 idir seo agus deireadh mhí Lúnasa – sin lascaine de 20%.

Tuilleadh eolais anseo ...

An nuacht is déanaí ó ClubLeabhar.com

Táimid ag teacht i dtreo dheireadh na sraithe reatha de ClubLeabhar.com ach, mar sin féin, tá go leor nuachta againn daoibh an mhí seo. San eagrán seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir tá agallamh le duine de mhórfhilí na Gaeilge, Gabriel Rosenstock, chomh maith le heolas faoi leabhair na chéad sraithe eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Lá ar maos sa chultúr Gaelach!

Le linn do mhic léinn ó USC (University of Southern California) a bheith ar thuras staidéir anseo in Éirinn, fuair siad deis roinnt Gaeilge, mar aon le hamhráin agus damhsa ar an sean-nós, a fhoghlaim le Gaelchultúr.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge: Surfáil, spraoi agus teanga!

Cuireann Freedom Surf School deis ar fáil do dhaoine an tsurfáil a fhoghlaim agus cur lena gcuid scileanna Gaeilge ag an am céanna.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den ghraiméar Gramadach gan Stró! le buachan!

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí na Bealtaine

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí na Bealtaine, a bhfuil cóip den chárta sracfhéachana QuickGuide Irish Grammar, chomh maith le síntiús bliana don chúrsa ríomhfhoghlama den ainm céanna, buaite acu.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Tá bailiúchán luachmhar acmhainní Gaeilge ar fáil ar teagascnagaeilge.ie, agus is áis an-úsáideach é an suíomh do dhuine ar bith atá ag foghlaim nó ag múineadh na teanga sin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Tá go leor leabhar Gaeilge agus neart leabhar mar gheall ar an nGaeilge le fáil ar líne ach iad a lorg leis an saininneall cuardaigh Google Book Search.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...