Nuachtlitir #10: Meitheamh 2011

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí an Mheithimh de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá an
ríomh-nuachtlitir seo ar an bhfód le bliain an mhí seo!

Gaelchultúr

Cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí bunscoile – bain triail astu saor in aisce

Tá Gaelchultúr ag tairiscint sé chúrsa creidiúnaithe ar líne do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo agus is féidir triail a bhaint as gach uile cheann acu sula gcláraíonn tú.

Tuilleadh eolais anseo ...

An-tóir ar na físeáin faoi QuickGuide

Ó bhí deireadh mhí an Mhárta ann, táthar tar éis féachaint ar na treoirfhíseáin Ghaeilge agus Bhéarla do QuickGuide Irish Grammar ar YouTube beagnach 20,000 uair. Léiríonn sé seo an méid suime atá san áis nua foghlama seo, a dhíríonn ar phríomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa ar siopa.ie:
Cruinneog Ghaeilge ar €35
(an gnáthphraghas: €52)

Cruinneog Ghaeilge atá roghnaithe againn mar earra mhí an Mheithimh ar siopa.ie. Áis iontach atá ann do pháistí agus do dhaoine fásta araon agus tá lascaine an-mhór ar fáil uirthi i rith na míosa seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile

Más múinteoir iar-bhunscoile tú atá ag teagasc trí Ghaeilge, beidh deis agat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga an samhradh seo mar go bhfuil COGG ag eagrú dianchúrsa Gaeilge arís i mbliana.

Tuilleadh eolais anseo ...

Agallamh le hAlan Desmond, údar leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com

In agallamh eisiach do Nuachtlitir Ghaelchultúir, labhraíonn an t-údar Corcaíoch Alan Desmond le Michelle Ryan, riarthóir ClubLeabhar.com, faoin saol sa Pholainn agus faoi na húrscéalta atá scríofa aige don fhoghlaimeoir fásta.

Tuilleadh eolais anseo ...

Mic léinn ó USC i mBarra an Teampaill

Chuir Gaelchultúr ar fáil ceardlanna Gaeilge, rince agus amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn ó University of Southern California a bhí in Éirinn idir 29 Bealtaine agus 11 Meitheamh.

Tuilleadh eolais anseo ...

An rud is giorra is géire

Tá seacht ngearrscannán déag as Gaeilge le fáil le chéile ar shuíomh gréasáin amháin anois.

Tuilleadh eolais anseo ...

Tá an scoil ar ais don samhradh!

Beidh Scoil Samhraidh i dTeanga agus Cultúr á reáchtáil ag Oideas Gael arís i mbliana idir 23-30 Iúil i nGleann Cholm Cille i dTír Chonaill.

Tuilleadh eolais anseo ...

Deiseanna oiliúna íoctha in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Gach bliain, bíonn deis ag céimithe ar mian leo poist a bhaint amach mar aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh seal a chaitheamh ag obair sna hinstitiúidí sin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den eagrán nua den ghraiméar Gramadach gan Stró! le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí na Bealtaine

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí na Bealtaine!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Tá taighde déanta ag néareolaí Ceanadach a léiríonn gur féidir leis an dátheangachas moill a chur ar shiomptóim ghalar Alzheimer.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Is féidir GaelSpell, an seiceálaí litrithe Gaeilge, a úsáid saor in aisce taobh istigh den bhrabhsálaí Firefox, rud a bheidh an-úsáideach duit agus tú ag scríobh teachtaireachtaí ríomhphoist i nGaeilge ó do chuntas poist gréasáin!

Tuilleadh eolais anseo ...