Nuachtlitir #36: Meán Fómhair 2016

Fáilte!

Tá neart eolais in eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir faoi imeachtaí an chomhlachta féin agus faoi imeachtaí eagraíochtaí eile. Mar sin, má tá tú ar thóir cúrsa teanga nó caitheamh aimsire Gaeilge, is anseo a gheobhaidh tú an chomhairle is fearr.

Gaelchultúr

An Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán (2016-2017): scoláireacht, clár agus próiseas iontrála

Beidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á thairiscint ag Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr den cheathrú huair an fómhar seo. Tá eolas le fáil san alt seo faoi leasuithe atá déanta againn ar an gclár agus faoin scoláireacht atá ar fáil arís i mbliana.

Tuilleadh eolais anseo ...

An Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil de réir uimhreacha

Agus ceithre bliana caite ó chuir Gaelchultúr tús leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, chinn siad ar shúil a chaitheamh siar ar chuid de na staitisticí is spéisiúla a bhaineann leis an gcúrsa sin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Foghlaim na Gaeilge: Dearcadh Foghlaimeora

Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le foghlaimeoir Gaeilge a d’fhreastail ar ranganna oíche de chuid Ghaelchultúir ag an Ardleibhéal, lena thuairimí a fháil faoin teanga agus faoi fhoghlaim na teanga.

Tuilleadh eolais anseo ...

10 gcúis gur fiú an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a dhéanamh

Cén fáth ar cheart dom an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a dhéanamh le Gaelchultúr, a fhiafraíonn daoine uaireanta, seachas tabhairt faoi chúrsa éigin eile. San alt seo, déanaimid iarracht an cheist sin a fhreagairt!

Tuilleadh eolais anseo ...

Eagrán 4 den ghraiméar móréilimh Gramadach gan Stró! ar fáil anois!

Tá an t-eagrán is déanaí de Gramadach gan Stró! ag teacht leis an leagan is úire den Chaighdeán Oifigiúil, a eisíodh ag tús mhí Iúil i mbliana.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cuir aithne ar ár múinteoirí 6: Pól Ó Seachnasaigh

Sa tsraith seo, tugaimid deis do léitheoirí na nuachtlitreach aithne a chur ar na múinteoirí a bhíonn ag teagasc ar chúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir. Is é an Baile Átha Cliathach Pól Ó Seachnasaigh, an múinteoir atá á chur in aithne againn daoibh an mhí seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Deiseanna teagaisc le Gaelchultúr

Tá painéal múinteoirí ag Gaelchultúr agus bímid ag féachaint i gcónaí le cur leis an bpainéal sin!

Tuilleadh eolais anseo ...

ClubLeabhar.com - sraith nua agus club nua!

Tá ceithre leabhar den scoth roghnaithe againn daoibh do shraith an fhómhair, agus tá dea-scéala eile againn freisin: beidh club leabhar á reáchtáil againn i mBaile Átha Cliath!

Tuilleadh eolais anseo ...

Amhrán na míosa: An tSeanbhean Bhocht

Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeacht Gaeilge: Club Leabhar Ghaelchultúir

Beidh fáilte roimh chách freastal ar chruinnithe Chlub Leabhar Ghaelchultúir, a mbeidh tús á chur leis ar an 30 Meán Fómhair.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa

Gheobhaidh tú lascaine de €20 ar phraghas rang oíche an fómhar seo má chláraíonn tú dó roimh 5pm, Dé Céadaoin, 14 Meán Fómhair 2016.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Tá trí chóip den eagrán is déanaí de Gramadach gan Stró!, graiméar móréilimh Éamoinn Uí Dhónaill, á dtairiscint againn mar dhuaiseanna dár léitheoirí an mhí seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoir an chomórtais

Comhghairdeas le buaiteoir chomórtas mhí Iúil!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa: An Draoi Gramadaí

Tá áis úrnua curtha ar fáil ar teanglann.ie a bheidh ina cabhair mhór dóibhsean a mbíonn deacrachtaí acu ag úsáid ainmfhocal agus aidiachtaí le chéile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...