Nuachtlitir #12: Meán Fómhair 2011

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí Mheán Fómhair de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

An-ráchairt i gcónaí ar ranganna oíche Ghaelchultúir

Tá breis is 5,000 foghlaimeoir tar éis freastal ar ranganna Gaeilge Ghaelchultúir go dtí seo agus tá an comhlacht dóchasach go mbeidh an-ráchairt ar chúrsa an fhómhair, a gcuirfear tús leis an mhí seo, in ainneoin dhrochstaid gheilleagar na tíre.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsa ilmheán nua do ghlantosaitheoirí foilsithe ag Gaelchultúr

Tá cúrsa teanga ilmheán do ghlantosaitheoirí á sheoladh ag Gaelchultúr an mhí seo agus tá an comhlacht ag súil go mbeidh díol an-mhaith air, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsa cruinnis atá ar fáil i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh – agus ar fud an domhain!

Tá an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge á chur ar fáil ag Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh an fómhar seo agus, de bhrí go bhfuil ábhar an chúrsa le fáil ar líne freisin, beidh deis ag daoine thar lear tabhairt faoi chomh maith.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na Míosa ar siopa.ie:
feadóg stáin ar €4.00

Feadóg stáin atá roghnaithe againn mar earra na míosa ar siopa.ie. Tabharfaidh an margadh seo deis duit an uirlis cheoil seo a úsáidtear go forleathan sa cheol traidisiúnta a cheannach ar phraghas an-íseal agus ceol binn a sheinm!

Tuilleadh eolais anseo ...

Fás as cuimse tagtha ar Oíche Chultúir

Más mian leat faoiseamh a fháil ón gcaint ar fad faoin gcúlú eacnamaíochta an mhí seo agus oíche den chéad scoth a bheith agat saor in aisce, tabhair aghaidh ar cheann de na himeachtaí cultúrtha a bheidh á reáchtáil mar chuid d’Oíche Chultúir 2011.

Tuilleadh eolais anseo ...

Sraith nua de ClubLeabhar.com faoi lán seoil!

An mbíonn tú i gcónaí ag smaoineamh faoi fheabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus roinnt leabhar a léamh sa teanga? Tá deis agat anois an dá rud a dhéanamh mar go bhfuil an tsraith nua de ClubLeabhar.com faoi lán seoil!

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsaí ar líne ar fáil do bhunmhúinteoirí le linn na scoilbhliana

I bhfianaise aiseolas ó mhúinteoirí bunscoile a thug faoi chúrsaí samhraidh de chuid Ghaelchultúir i mbliana, tá cinneadh déanta ag an gcomhlacht na cúrsaí ar líne sin a thairiscint an bhliain ar fad agus glacadh le moltaí maidir le cúrsaí ba cheart a fhorbairt sna blianta atá romhainn.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge:
Bewley's @6!

Is deis iontach é an t-imeacht Bewley’s @6! do lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath bualadh le cairde dá gcuid agus éisteacht le ceol den scoth in ionad gleoite atá fíorstairiúil.

Tuilleadh eolais anseo ...

Neart imeachtaí Gaeilge ag Electric Picnic 2011

Cé nach raibh an Puball Gaeilge mar chuid den fhéile Electric Picnic i mbliana, bhí go leor imeachtaí Gaeilge ar siúl i gceantar MindField le linn an deireadh seachtaine.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Cruinneog Ghaeilge, Scrabble as Gaeilge agus an pacáiste ilmheán Déantús an Phoitín le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí Iúil/Lúnasa

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí Iúil/Lúnasa!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Cé acu atá ceart: “os rud é” nó “ós rud é”? An é “tionscadal”, “tionscnamh” nó “togra” is fearr a fhreagraíonn don fhocal Béarla initiative? Ní bheidh tú idir dhá chomhairle níos mó, a bhuí sin leis an suíomh Gréasáin nua aistear.ie.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Is féidir teacht ar sheanleaganacha de shuíomhanna Gréasáin nach bhfuil beo a thuilleadh, www.hiberno-english.com (Cartlann de Bhéarla na hÉireann), cuir i gcás, trí úsáid a bhaint as an WayBackMachine ar www.archive.org. Tá neart leaganacha cainte ar fáil sa chartlann sin atá díorthaithe ón nGaeilge ach atá in úsáid go fóill sa Bhéarla. An masla nó moladh é “aghaidh fidil” a thabhairt ar dhuine? Lean ort ag léamh go bhfeice tú!

Tuilleadh eolais anseo ...