Nuachtlitir #3: Meán Fómhair 2010

Fáilte!

Beatha agus sláinte! Tá fáilte romhat chuig an tríú heagrán de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Ranganna Gaeilge oíche, fómhar 2010

Cuirfear tús le téarma an fhómhair de ranganna Gaeilge oíche Ghaelchultúir an tseachtain dar tosach 20 Meán Fómhair 2010. Beidh ranganna ar fáil i 13 ionad timpeall na tíre: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Ceatharlach, Dún Dealgan, Inis, Gaillimh, Leitir Ceanainn, Luimneach, an Muileann gCearr, an Nás, Sligeach, Trá Lí agus Port Láirge.

Tuilleadh eolais anseo ...

Gaeilge gan Stró! – cúrsa nua ilmheán ó Ghaelchultúr

Tá cúrsa ilmheán d’fhoghlaimeoirí fásta, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, díreach foilsithe ag Gaelchultúr. Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, údar an chúrsa seo, ina bhfuil leabhar agus dhá dhlúthdhiosca. Tá an cúrsa ar díol ar www.siopa.ie ar €37.50.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den chúrsa ilmheán nua Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

ClubLeabhar.com, Féile IMRAM agus Scéalta Átha Cliath

Tá sos an tsamhraidh thart, agus cuireadh tús le dara sraith ClubLeabhar.com le déanaí. Beidh neart imeachtaí ar siúl i mí Mheán Fómhair a gcuirfidh baill an chlub spéis iontu.

Tuilleadh eolais anseo ...

Oíche Chultúir

Beidh scoth an chultúir le blaiseadh i 132 ionad timpeall chathair Bhaile Átha Cliath agus i go leor áiteanna éagsúla ar fud na tíre Dé hAoine, 24 Mean Fómhair, agus Oíche Chultúir 2010 á ceiliúradh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Is cúis díomá é do go leor daoine sa Bhreatain go bhfuil a laghad sin béime ar theangacha iasachta sa chóras oideachais na laethanta seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Cleas úsáideach is féidir a úsáid agus cuardach á dhéanamh agat in Google.

Tuilleadh eolais anseo ...

Post ar fáil i nGaelchultúr

Tá post ar fáil i nGaelchultúr do dhuine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge aige, idir labhartha agus scríofa, agus taithí ar an Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta ag leibhéil éagsúla.

Tuilleadh eolais anseo ...