Nuachtlitir #7: Márta 2011

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí an Mhárta de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Eagrán úrnua de Gramadach gan Stró! ar fáil

An mhí seo caite, d’fhoilsigh Gaelchultúr eagrán nua de ghraiméar móréilimh Éamoinn Uí Dhónaill, Gramadach gan Stró!.

Tuilleadh eolais anseo ...

Ní binn i gcónaí béal ina thost ...

Agus béaltriail Ghaeilge na hArdteiste ag druidim linn, tá réimse cúrsaí á thairiscint ag Gaelchultúr chun cuidiú le daltaí marc níos airde a ghnóthú.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsa idirghníomhach bunaithe ar QuickGuide Irish Grammar seolta

I mí Eanáir 2011, d’fhoilsigh Gaelchultúr acmhainn nua foghlama, QuickGuide Irish Grammar, ar cárta sracfhéachana é ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Tá cúrsa idirghníomhach bunaithe ar an gcárta sin ar fáil anois ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsa ullmhúcháin dóibh siúd atá chun dul leis an múinteoireacht

Eagraíonn Gaelchultúr dianchúrsaí Gaeilge go rialta dóibh siúd ar mian leo dul leis an mbunmhúinteoireacht. Beidh an chéad chúrsa eile ar siúl Dé Sathairn, 12 Márta.

Tuilleadh eolais anseo ...

Iniúchóireacht ar fáil saor in aisce d’eagrais na hearnála poiblí

Tá Gaelchultúr tar éis oiliúint Ghaeilge a chur ar fáil i mbreis is 100 eagras poiblí ó bhí 2005 ann agus anois tá an comhlacht ag cur iniúchóireachta maidir lena gcuid riachtanas oiliúna Gaeilge ar fáil saor in aisce d’eagrais na hearnála poiblí.

Tuilleadh eolais anseo ...

Agallamh le hAnna Heussaff, údar leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com

In agallamh eisiach le Nuachtlitir Ghaelchultúir, labhraíonn an t-údar cáiliúil Anna Heussaff le Michelle Ryan, riarthóir ClubLeabhar.com, faoina húrscéal nua bleachtaireachta, faoina saol mar údar agus faoi Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais anseo ...

Seachtain na Gaeilge 2011

Tá neart imeachtaí iontacha ar chlár Sheachtain na Gaeilge 2011, a bheidh ar siúl ar fud na tíre idir 5–17 Márta.

Tuilleadh eolais anseo ...

Blaiseadh beag de Temple Bar TradFest 2011

I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl mar chuid den fhéile Temple Bar TradFest i mbliana, bhí sraith de cheardlanna amhránaíochta agus rince ar an sean-nós a chuir Gaelchultúr ar fáil don phobal. Tá físeán gearr curtha le chéile againn chun blaiseadh a thabhairt do léitheoirí na nuachtlitreach seo den mhéid a thit amach sna ceardlanna.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den eagrán nua de Gramadach gan Stró! le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí Eanáir

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí Eanáir!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Is foclóir leictreonach Gaeilge–Béarla é Pota Focal a bhfuil fás as cuimse tar éis teacht air le blianta beaga anuas.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Tá sé riachtanach go mbeadh an seiceálaí litrithe GaelSpell in úsáid ag aon duine a scríobhann an Ghaeilge ar bhonn rialta.

Tuilleadh eolais anseo ...