Nuachtlitir #15: Eanáir/Feabhra 2012

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig an gcéad eagrán de nuachtlitir Ghaelchultúir in 2012. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Ranganna oíche an earraigh seolta ag Sibéal Davitt

Sheol an damhsóir agus pearsa teilifíse Sibéal Davitt ranganna oíche an earraigh do Ghaelchultúr le déanaí agus ghlac sí páirt chomh maith i bhfógra gearr mar gheall ar na ranganna.

Tuilleadh eolais anseo ...

Temple Bar TradFest: Ceol agus céimeanna

Cuir an ruaig ar ghruaim an gheimhridh trí chúpla céim rince agus amhrán nó dhó ar an sean-nós a fhoghlaim le linn Temple Bar TradFest 2012.

Tuilleadh eolais anseo ...

An-éileamh i gcónaí ar dhianchúrsa cruinnis Ghaelchultúir

Tá an-rath ar an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ó chuir Gaelchultúr tús leis i samhradh na bliana 2010. Agus de bhrí go bhfuil an t-ábhar le fáil ar líne, tá deis ag daoine i ngach cearn den domhan tabhairt faoin gcúrsa.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa ar siopa.ie:
Mac Rí Éireann ar €9.95
(an gnáthphraghas: €17.95)

Leabhar gleoite ealaíonta, Mac Rí Éireann le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson, atá roghnaithe againn mar mhargadh na míosa ar siopa.ie.

Tuilleadh eolais anseo ...

An nuacht is déanaí ó ClubLeabhar.com

Chuir Michelle Ryan, riarthóir ClubLeabhar.com, agallamh le déanaí ar an scríbhneoir iomráiteach Máire Mhac an tSaoi, údar leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge: Scoil Gheimhridh Chumann Merriman

Beidh Scoil Gheimhridh Merriman 2012 ar siúl i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo, idir 27 agus 29 Eanáir agus is cinnte gur deireadh seachtaine spreagúil, spleodrach a bheidh ann dóibhsean a bheidh i láthair ag an imeacht.

Tuilleadh eolais anseo ...

Suirbhé ar sheirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí

Cuireadh tús le déanaí le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus tá suirbhé curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun gur féidir leis an bpobal a dtuairimí i dtaobh an Achta agus i dtaobh sheirbhísí an Stáit trí Ghaeilge a chur in iúl.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Cóip de do rogha foilseacháin de chuid Ghaelchultúir le buachan, mar aon le síntiús trí mhí don chúrsa ríomhfhoghlama den ainm céanna.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí na Nollag

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí na Nollag, a bhfuil luach €1,500 de ranganna oíche Gaeilge, de chúrsaí ríomhfhoghlama agus d’acmhainní teanga buaite acu!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Físeáin bunaithe ar dhánta éagsúla a bhí ar chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta roimhe seo atá le fáil ar an suíomh filinagaeilge.tv.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Tá an Collins Pocket English–Irish–English Dictionary ar cheann de na haipeanna Gaeilge is úsáidí atá ar fáil.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...