Nuachtlitir #33: Eanáir 2016

Fáilte!

Tá neart eolais in eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir faoi imeachtaí an chomhlachta féin agus faoi imeachtaí eagraíochtaí eile. Mar sin, má tá tú ar thóir cúrsa teanga nó caitheamh aimsire Gaeilge, is anseo a gheobhaidh tú an chomhairle is fearr.

Gaelchultúr

An-tóir ar an TGG i measc comhairlí áitiúla ar fud na tíre

Thug 130 fostaí ó chomhairlí áitiúla éagsúla ar fud na tíre faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ina n-eagras féin anuraidh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsa Aistriúcháin Fraincis–Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr

An t-earrach seo, beidh cúrsa aistriúcháin Fraincise trí Ghaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr a bheidh dírithe orthusan ar mian leo cur isteach ar phost aistriúcháin in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tuilleadh eolais anseo ...

T-léinte, maighnéid chuisneora agus réimse níos leithne cártaí beannachta ar fáil anois ó shiopa Ghaelchultúir

Tá curtha go mór ag Gaelchultúr le réimse na dtáirgí atá le fáil ar siopa.ie agus i siopa beag an chomhlachta ar Shráid an Chláraigh i lár Bhaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais anseo ...

Deiseanna iontacha fostaíochta ann i gcónaí dóibhsean a bhfuil ardscileanna teanga acu

Tá sé mar sprioc ag an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge, a bheidh á thairiscint ag Gaelchultúr an t-earrach seo arís, cabhrú leis na rannpháirtithe barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge agus ar a gcuid gramadaí, rud a bheidh ina bhuntáiste mór acu agus iad ag cur isteach ar phoist Ghaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...

Fós ag lorg rúin don Athbhliain? Cláraigh le haghaidh rang Gaeilge le Gaelchultúr!

Ar thóir rún spreagúil don Athbhliain? Ag iarraidh tabhairt faoi ghníomhaíocht a bheadh taitneamhach, sóisialta agus nach mbeadh puinn aclaíochta ag baint léi? Má tá, cláraigh do chúrsa Gaeilge le Gaelchultúr an t-earrach seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Cuir aithne ar ár múinteoirí 3: Pádraig Ó Beaglaoich

Sa tsraith seo, táimid ag tabhairt deis do léitheoirí na nuachtlitreach aithne a chur ar na múinteoirí a bhíonn ag teagasc ar chúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir. Is é Pádraig Ó Beaglaoich as Gaillimh an múinteoir atá faoi agallamh an mhí seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Post buan mar Fheidhmeannach Riaracháin le Gaelchultúr

Tá post buan ar fáil i nGaelchultúr do dhuine a bhfuil scileanna maithe Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, aige nó aici, le cois taithí ar obair riaracháin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa

Tá lascaine 50% ar chúrsaí ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com.

Tuilleadh eolais anseo ...

Anois teacht an earraigh - sraith nua ag ClubLeabhar.com!

Tá mistéirí agus gearrscéalta chun tosaigh i rogha leabhar ClubLeabhar.com an t-earrach seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge - Ravelóid

Cuir an dáta sa dialann – tá an Ravelóid ag teacht! Trí lá de cheol, craic, cultúr agus campáil ar an 10-12 Meitheamh 2016.

Tuilleadh eolais anseo ...

Linger: saothar nua damhsa ó Bhreandán de Gallaí

Chaith an Conallach Breandán de Gallaí naoi mbliana ag obair le Riverdance, seacht gcinn acu mar phríomhrinceoir fir, ach anois tá seó damhsa dá chuid féin, Linger, curtha le chéile aige.

Tuilleadh eolais anseo ...

Amhrán na míosa

Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Rith 2016: maoir ag teastáil

Ag iarraidh a bheith páirteach i gceann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mbliana? Bí i do mhaor le linn Rith 2016!

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Tá dearbhán €100 do siopa.ie le buachan an mhí seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoir an chomórtais

Comhghairdeas le buaiteoir chomórtas mhí Mheán Fómhair!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa - Léigh Linn

Tá áis nua léitheoireachta tagtha ar an saol a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...