Nuachtlitir #21: Eanáir 2013

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig an gcéad eagrán de nuachtlitir Ghaelchultúir in 2013. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Ranganna oíche Ghaelchultúir - dreas aclaíochta don inchinn!

Léirigh taighde a rinneadh i gCeanada roinnt blianta ó shin go gcuidíonn sé go mór leis an inchinn má labhraíonn tú dhá theanga nó níos mó ar bhonn rialta. Chun d’inchinnse a choinneáil breá aclaí an t-earrach seo, cén fáth nach ndéanann tú rang oíche Gaeilge de chuid Ghaelchultúir!

Tuilleadh eolais anseo ...

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil á sheoladh ag an Aire Mac Fhionnlaoich

Amárach (Dé Máirt, 29 Eanáir), seolfaidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, cúrsaí nua Ghaelchultúir d’fhostaithe san earnáil phoiblí, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, ag ócáid a bheidh ar siúl in ionad nua an chomhlachta i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais anseo ...

Breis is 250 duine tar éis tabhairt faoi dhianchúrsa cruinnis Ghaelchultúir

Tá an-rath ar an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ó chuir Gaelchultúr tús leis i samhradh na bliana 2010. Agus de bhrí go bhfuil an t-ábhar le fáil ar líne, tá deis ag daoine i ngach cearn den domhan tabhairt faoin gcúrsa.

Tuilleadh eolais anseo ...

Aip nua Ghaelchultúir (‘Amhrán na bhFiann’): leigheas ar an mungailt!

An mbíonn tusa ag mungailt tar éis an chéad dá líne de “Amhrán na bhFiann”? Ar mhaith leat a bheith in ann é a chanadh ó thús go deireadh le bród agus le muinín? Bhuel, ní fhéadfadh sé a bheith níos éasca amhrán náisiúnta na hÉireann a fhoghlaim agus aip Ghaelchultúir, ‘Amhrán na bhFiann’, ar fáil anois san App Store (do ghléasanna de chuid Apple).

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na Míosa ar siopa.ie: QuickGuide Irish Grammar ar leathphraghas (€4.95 seachas €9.95)

Is é Margadh na míosa do mhí Eanáir ná lascaine de 50% ar phraghas QuickGuide Irish Grammar má cheannaítear é in éineacht le Gaeilge gan Stró! – Beginners Level nó le Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com: 'An Litir' le Liam Mac Cóil

An Litir is teideal don tseoid liteartha is déanaí ó pheann Liam Mhic Cóil agus tá an saothar seo roghnaithe againn mar leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge: Imbolc 2013

Reáchtálfar an chomhdháil Imbolc ar 16 Feabhra 2013 san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, in iarthar Chorcaí. Seo an ceathrú bliain den imeacht a bheith ar siúl agus beidh Colm Mac Con Iomaire, Bernard Dunne agus Kevin Scannell i measc na gcainteoirí a ghlacfaidh páirt ann.

Tuilleadh eolais anseo ...

Duillí Éireann: irisleabhar spreagúil don ghnáthléitheoir

An bhfuil fonn ort síntiús a ghlacadh le hirisleabhar éigin i mbliana? Má tá, is fiú duit súil a chaitheamh ar Duillí Éireann sula ndéanann tú cinneadh ar bith.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Dhá dhearbhán de €40 do shiopa ar líne Ghaelchultúir, siopa.ie, le buachan an mhí seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí na Nollag

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí na Nollag!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa: An Foclóir Nua Béarla–Gaeilge

Is céim mhór chun tosaigh don Ghaeilge é leagan ar líne den fhoclóir nua Béarla–Gaeilge bheith ar fáil saor in aisce don phobal.

Tuilleadh eolais anseo ...

Amhrán na míosa

Is é sprioc na rannóige seo léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...