Nuachtlitir #6: Eanáir 2011

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig an gcéad eagrán de nuachtlitir Ghaelchultúir in 2011. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Bliain nua, tús nua!

An mbíonn tusa i gcónaí ag smaoineamh ar fheabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó fiú í a fhoghlaim as an nua? Tapaigh do dheis anois mar go bhfuil Gaelchultúr ag tairiscint ranganna Gaeilge oíche i 13 ionad ar fud na tíre an t-earrach seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

QuickGuide™ Irish Grammar – acmhainn nua foghlama ó Ghaelchultúr

Tá acmhainn nua foghlama, QuickGuide™ Irish Grammar, díreach foilsithe ag Gaelchultúr. Is cárta sracfhéachana é an QuickGuide seo ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...

Ceardlanna amhránaíochta agus rince ar an sean-nós

Beidh fuaim bhríomhar an cheoil thraidisiúnta le cloisteáil ar fud shráideanna Bharra an Teampaill an tseachtain seo le linn Temple Bar TradFest 2011.

Tuilleadh eolais anseo ...

Gaelchultúr ar RnaG!

Déanfar eagrán speisialta den chlár Rónán Beo @ 3 a chraoladh as an teach tábhairne Oliver St. John Gogarty’s i mBarra an Teampaill an Déardaoin seo, 27 Eanáir.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge

Ar mhaith leatsa barr feabhais a chur ar do chuid scileanna scríofa agus ar do chuid gramadaí? Tabhair faoin Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr idir Feabhra agus Bealtaine 2011, mar sin!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dianchúrsa Gaeilge dóibh siúd atá
an-ghafa!

Tá rún déanta agat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge in 2011 ach tá tú an-ghafa. Ná bí buartha - tá réiteach na faidhbe ag Gaelchultúr!

Tuilleadh eolais anseo ...

Ranganna oíche Ghaelchultúir seolta ag Mícheál Ó Muircheartaigh

Ba é Mícheál Ó Muircheartaigh an t-aoi speisialta ag imeacht a bhí ar siúl in óstán Seven Oaks i gCeatharlach Dé Máirt, 18 Eanáir 2011, áit ar seoladh ranganna oíche Ghaelchultúir.

Tuilleadh eolais anseo ...

ClubLeabhar.com – tionscadal nua ag dul ó neart go neart

Ó cuireadh tús le ClubLeabhar.com anuraidh tá breis is 550 duine tar éis clárú mar bhaill ar an suíomh agus tá breis is 750 leantóir ag an gclub ar Facebook.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den chárta sracfhéachana QuickGuide™ Irish Grammar le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí na Nollag

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí na Nollag!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na Míosa

Tá na mílte taifeadadh fuaime Gàidhlig, Albainise agus Béarla le fáil ar líne anois ar an suíomh nua Tobar an Dualchais/Kist o Riches.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Is foclóir Gaeilge-Gaeilge ar líne é An Foclóir Beag ach tá eolas cuimsitheach le fáil ann freisin faoi ghnéithe éagsúla de ghramadach na Gaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...