Nuachtlitir #13: Deireadh Fómhair 2011

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí Dheireadh Fómhair de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá giúirléid Facebook curtha againn leis na hailt san eagrán seo, rud a fhágann go mbeidh tú in ann ailt a thaitníonn leat a thaispeáint ar do leathanach Facebook. Bí cinnte go gcliceálann tú ar an gcnaipe “Is maith liom é” ag bun gach ailt.

Gaelchultúr

Leabhar nua Ghaelchultúir seolta in Portland, Oregon

Rinneadh leabhar nua Ghaelchultúir, Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, a sheoladh ag ócáid a bhí ar siúl in Ollscoil Marylhurst, Portland, Dé Luain, 3 Deireadh Fómhair.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dianchúrsa ullmhúcháin Ghaelchultúir – an dóigh is fearr le botúin a sheachaint san agallamh Gaeilge

Is mór an difear idir “buailim le mo chairde” agus “buailim mo chairde”, ach mura bhfuil tusa cinnte cad é, agus má tá agallamh Gaeilge agat go luath don Ardteastas san Oideachas, b’fhiú duit freastal ar an dianchúrsa ullmhúcháin a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa ar siopa.ie:
Míreanna mearaí ar €6 (gnáthphraghas €8)

Míreanna mearaí de chontaetha na hÉireann atá roghnaithe againn mar earra mhí Dheireadh Fómhair ar siopa.ie. Tá ainmneacha Gaeilge na gcontaetha le feiceáil ar an bpuzal álainn ildaite seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Ceardlann lae san amhránaíocht ar an sean-nós

Má tá tú cróga go leor le bheith ag canadh taobh amuigh den seomra folctha, tar chuig ceanncheathrú Ghaelchultúir i mBarra an Teampaill, Dé Sathairn, 22 Deireadh Fómhair, nuair a chuirfidh an t-amhránaí Ciarraíoch Seosaimhín Ní Bheaglaoich ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós i láthair.

Tuilleadh eolais anseo ...

An-tóir ar imeachtaí Ghaelchultúir ar Oíche Chultúir

Tháinig na sluaite chuig ceanncheathrú Ghaelchultúir ar Oíche Chultúir i mbliana chun freastal ar na ceardlanna amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós a bhí ar fáil saor in aisce don phobal.

Tuilleadh eolais anseo ...

Déanaigí réidh d’Oireachtas 2011!

Mura bhfuil tú tosaithe cheana, tá sé in am a bheith ag cleachtadh do chuid céimeanna agus do chuid amhrán mar go bhfuil Oireachtas na Samhna 2011 ag druidim linn go tapa ...

Tuilleadh eolais anseo ...

Tús iontach curtha leis an tsraith nua de ClubLeabhar.com!

Ba é leabhar mhí Mheán Fómhair, Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas – leagan Gaeilge den úrscéal Alice’s Adventures in Wonderland – an leabhar ba mhó díol a bhí againn ar ClubLeabhar.com go dtí seo agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh físagallamh leis an aistritheoir, Nicholas Williams, ar fáil ar shuíomh ClubLeabhar.com go luath.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge:
IMRAM 2011

Cuirfear tús leis an bhféile litríochta IMRAM Dé Sathairn, 14 Deireadh Fómhair, agus tá neart imeachtaí spéisiúla ar chlár na féile arís i mbliana. Roghnaigh thusa cúpla ceann, mar sin, tabhair cuireadh do roinnt cairde freastal orthu in éineacht leat, agus bain taitneamh as an tsiamsaíocht!

Tuilleadh eolais anseo ...

150 ball de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann le bheith 'Líofa' faoi 2015

Tá sé mar aidhm ag an scéim teanga Líofa 2015, a seoladh i mBéal Feirste ag tús na míosa seo caite, go mbeadh Gaeilge líofa ag 1,000 duine sa bhreis roimh dheireadh 2015. “Tús maith leath na hoibre,” mar a deirtear, agus más fíor sin, tá gach seans go n-éireoidh leis an scéim mar go bhfuil tuairim is 150 ball de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann tar éis glacadh leis an dúshlán cheana féin!

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den chúrsa teanga ilmheán d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge gan Stró! – Beginners Level le buachan.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí Mheán Fómhair

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí Mheán Fómhair!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Tá tionscadal nua idir lámha ag Stephen Fry: sraith faisnéise cúig chlár dar teideal Planet Word ina ndéanann an láithreoir clúiteach anailís ar chúrsaí teanga. Tugann Fry léargas don lucht féachana ar cheisteanna móra na teanga agus na teangeolaíochta ar bhealach suimiúil, éadrom, sothuigthe.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Tá rún le sceitheadh ag Gaelchultúr, rún atá faoi cheilt le fada, agus á chosaint go cúramach ag scrúdaitheoirí agus ag múinteoirí Gaeilge fud fad na tíre: tá seiceálaí gramadaí ar fáil don Ghaeilge agus tá sé saor in aisce!

Tuilleadh eolais anseo ...