Nuachtlitir #26: Bealtaine 2014

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí na Bealtaine 2014 de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Foghlaim na Gaeilge sa seomra ranga: dearcadh foghlaimeora

Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le foghlaimeoir Gaeilge ón nGearmáin atá i ndiaidh freastal ar ranganna oíche de chuid Ghaelchultúir ag dhá leibhéal éagsúla go dtí seo lena tuairimí a fháil faoi fhoghlaim na teanga.

Tuilleadh eolais anseo ...

An Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á thairiscint ag Gaelchultúr arís

Cuireadh tús leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, an chéad chúrsa iarchéime de chuid Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir, san fhómhar anuraidh agus beidh sé ar fáil arís i mí Mheán Fómhair i mbliana.

Tuilleadh eolais anseo ...

Amhrán na míosa: Tiocfaidh an samhradh

Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh.

Tuilleadh eolais anseo ...

An Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil: tuairimí duine atá ar an eolas (cuid 2)

Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le roinnt mac léinn le déanaí a bhfuil an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil – sainchúrsa d’fhostaithe de chuid na hearnála poiblí – déanta acu, lena dtuairimí a fháil faoin gcúrsa.

Tuilleadh eolais anseo ...

Fís agus Foghlaim: sraith nua físeán gramadaí

Is é atá in Fís agus Foghlaim ná físeáin ghramadaí atá ar fáil saor in aisce ar líne a chabhróidh le foghlaimeoirí gramadach na Gaeilge a fhoghlaim ar bhealach spraíúil, idirghníomhach!

Tuilleadh eolais anseo ...

Tráth na gceist gramadaí

An gúrú gramadaí tú nó an mbaineann tuisil agus tréaniolraí tuisle asat? Tá tráth na gceist curtha le chéile againn daoibhse ar spéis libh an ghramadach – mar aon le cúrsa, má theastaíonn uaibh cur le bhur gcuid cruinnis.

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge: GaelGÁIRÍ

Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath agus tá an club grinn GaelGÁIRÍ ar cheann de na himeachtaí is nuaí (agus is barrúla) atá á reáchtáil ansin.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dhá chúrsa nua EPV á gcur ar fáil ag Gaelchultúr

Tá breis is 4,000 múinteoir bunscoile tar éis cúrsa EPV ar líne de chuid Ghaelchultúir a dhéanamh ó cuireadh tús leo cúig bliana ó shin agus anois tá dhá chúrsa nua sa seomra ranga á dtairiscint ag an gcomhlacht.

Tuilleadh eolais anseo ...

Sraith úrnua de chuid ClubLeabhar.com tosaithe

Cuireadh tús le sraith úrnua de ClubLeabhar.com i mí Aibreáin agus beidh trí shaothar éagsúla mar leabhar na míosa idir seo agus mí an Mheithimh. Tá podchraoltaí á gcur ar fáil ag an gclub den chéad uair anois agus beidh forbairtí eile i gceist i mbliana freisin, ceardlanna léirmheastóireachta ina measc.

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa

Faigh 10% ar ais le Margadh na Foghlama Cumaisc!

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Tá na trí leabhar atá roghnaithe ag ClubLeabhar.com do shraith an earraigh á dtairiscint mar dhuais do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoir chomórtas mhí Eanáir

Comhghairdeas le buaiteoir chomórtas mhí Eanáir!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa: breis.focloir.ie (cuid 1)

Tá leaganacha digiteacha de English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe) agus de Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) ar fáil ar líne anois agus is iontach an acmhainn iad dóibhsean a bhíonn ag léamh nó ag scríobh na Gaeilge go rialta.

Tuilleadh eolais anseo ...

Rannóg na múinteoirí

Is é sprioc na rannóige seo ná acmhainní teagaisc a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge a bheidh siad ábalta a úsáid sa seomra ranga. An mhí seo, tá gníomhaíocht eile againn ón leabhar Gníomhaíochtaí Gasta le Siobhán Patten.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...