Nuachtlitir #34: Aibreán 2016

Fáilte!

Tá neart eolais in eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir faoi imeachtaí an chomhlachta féin agus faoi imeachtaí eagraíochtaí eile. Mar sin, má tá tú ar thóir cúrsa teanga nó caitheamh aimsire Gaeilge, is anseo a gheobhaidh tú an chomhairle is fearr.

Gaelchultúr

Cúrsaí EPV an tsamhraidh: na staitisticí

An raibh a fhios agat go bhfuil breis agus 5,000 múinteoir bunscoile tar éis tabhairt faoi chúrsa EPV ar líne le Gaelchultúr go dtí seo? Tá tuilleadh staitisticí spéisiúla san alt seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán Ghaelchultúir: Comhairle d’iarratasóirí

Beidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á thairiscint ag Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr den cheathrú huair an fómhar seo agus tá comhairle le fáil san alt seo dóibhsean a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi scrúdú iontrála an chúrsa.

Tuilleadh eolais anseo ...

Lascaine ar fáil do ranganna oíche an tsamhraidh!

An bhfuil tú ag smaoineamh ar rang oíche Gaeilge a dhéanamh linn an samhradh seo? Tá lascaine ar fáil do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir!

Tuilleadh eolais anseo ...

Beagnach 370 duine tar éis tabhairt faoi dhianchúrsa cruinnis Ghaelchultúir

Tá an-rath ar an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ó chuir Gaelchultúr tús leis i samhradh na bliana 2010. Agus de bhrí go bhfuil an t-ábhar le fáil ar líne, tá deis ag daoine i ngach cearn den domhan tabhairt faoin gcúrsa.

Tuilleadh eolais anseo ...

An Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil: Cúrsaí in ionad Ghaelchultúir ag dul ó neart go neart

Tá méadú ag teacht go leanúnach ar an líon daoine atá ag tabhairt faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil le Gaelchultúr agus beidh ócáid bhronnta againn go luath dóibh siúd atá díreach tar éis an cháilíocht a bhaint amach.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cuir aithne ar ár múinteoirí 4: Emily Barnes

Sa tsraith seo, táimid ag tabhairt deis do léitheoirí na nuachtlitreach aithne a chur ar na múinteoirí a bhíonn ag teagasc ar chúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir. Is í Emily Barnes as Bré, Contae Chill Mhantáin, atá faoi agallamh an mhí seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Físeán: Deiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Thug Eoin de Búrca, atá ag obair in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach, cuairt ar Ghaelchultúr le déanaí le heolas a thabhairt dúinn faoi na poist atá ar fáil sna hinstitiúidí Eorpacha faoi láthair agus faoi na próisis earcaíochta a bhaineann leo. Mar sin, má tá spéis agatsa a bheith ag obair mar aistritheoir san Aontas Eorpach, bí ag léamh!

Tuilleadh eolais anseo ...

Margadh na míosa

Gheobhaidh tú síntiús trí mhí saor in aisce do chúrsa ar ranganna.com má cheannaíonn tú ceann d’fhoilseacháin Ghaelchultúir d’fhoghlaimeoirí fásta ó siopa.ie!

Tuilleadh eolais anseo ...

Deis iontach do leabharlanna an Ghaeilge a chur chun cinn le ClubLeabhar.com

An leabharlannaí thú? Cuir an Ghaeilge chun cinn i do leabharlann trí shíntiús a ghlacadh le ClubLeabhar.com!

Tuilleadh eolais anseo ...

Imeachtaí Gaeilge: Féile Ealaíne an Earagail

Beidh neart imeachtaí Gaeilge i gceist le linn Fhéile Ealaíne an Earagail, a bheidh ar siúl idir an 8 agus 24 Iúil 2016.

Tuilleadh eolais anseo ...

Lascaine speisialta dár léitheoirí ar thicéid do Ravelóid, féile mhór an tsamhraidh!

Ar chaill tú an deis ceann de na ticéid luatha don fhéile úrnua Ravelóid a cheannach ar €99? Ná bí buartha - tá lascaine speisialta á cur ar fáil ag Gaelchultúr do léitheoirí na nuachtlitreach seo!

Tuilleadh eolais anseo ...

Amhrán na míosa: Óró, sé do bheatha abhaile

Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Tá beart d’acmhainní de chuid Ghaelchultúir atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge le buachan an mhí seo.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoir an chomórtais

Comhghairdeas le buaiteoir chomórtas mhí Eanáir!

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa: duchas.ie

Tá Bailiúchán na Scol á dhigitiú de réir a chéile ar duchas.ie, agus is ríluachmhar an acmhainn é d’aon duine a bhfuil spéis aige nó aici i mbéaloideas na hÉireann nó sa stair áitiúil.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dhá phéire ticéad le buachan do Ravelóid, féile mhór an tsamhraidh!

Ar mhaith leat dul go dtí an chéad mhórfhéile shamhraidh don cheol agus don tsiamsaíocht trí mheán na Gaeilge? Tá dhá phéire ticéad le tabhairt amach againn do Ravelóid, a bheidh ar siúl ar an 10 agus 11 Meitheamh i gCaisleán Ard Giollán, i mBaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais anseo ...