Nuachtlitir #8: Aibreán 2011

Fáilte!

Tá fáilte romhat chuig eagrán mhí Aibreáin de nuachtlitir Ghaelchultúir. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as!

Gaelchultúr

Ranganna oíche an tsamhraidh: lascaine ar fáil

Beidh Gaelchultúr ag cur tús le cúrsa Gaeilge an tsamhraidh an mhí seo chugainn agus tá lascaine €20 ar fáil dóibh siúd a chuirfidh áit in áirithe idir seo agus 15 Aibreán.

Tuilleadh eolais anseo ...

Físeán gearr faoi QuickGuide Irish Grammar

Tá an-díol ar an áis QuickGuide Irish Grammar ó d’fhoilsigh Gaelchultúr é níos luaithe i mbliana. I bhfíseán gearr mar gheall ar an gcárta sracfhéachana seo, míníonn Dairíne Ní Dhonnchú cad iad na buntáistí ar fad a bhaineann leis.

Tuilleadh eolais anseo ...

Dianchúrsa d’ábhair oidí a bhfuil na maidí ligthe le sruth acu!

Tá dianchúrsa ullmhúcháin á thairiscint ag Gaelchultúr chun cabhrú le hábhair oidí bunscoile a bhfuil faillí déanta acu sa Ghaeilge labhartha, feabhas a chur ar a scileanna teanga agus pas a fháil i mbéaltriail na bliana deireanaí.

Tuilleadh eolais anseo ...

Cúrsaí ar líne do mhúinteoirí bunscoile

Tá Gaelchultúr ag tairiscint sé chúrsa éagsúla ar líne do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo arís.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buntáistí móra ag baint le gramadach chruinn!

Beidh deiseanna iontacha ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh dóibh siúd a bhfuil gramadach chruinn acu agus Gaeilge scríofa ar chaighdeán ard.

Tuilleadh eolais anseo ...

Agallamh le Seán Mac Mathúna, údar shaothar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com

In agallamh eisiach le Nuachtlitir Ghaelchultúir, labhraíonn an t-údar Seán Mac Mathúna le Michelle Ryan, riarthóir ClubLeabhar.com, faoin mbailiúchán gearrscéalta Úlla, faoin leagan taifeadta de na scéalta atá ar fáil anois agus faoina shaol mar scríbhneoir.

Tuilleadh eolais anseo ...

Strainséir i dTigh Thaidhg

Ní raibh sé ach timpeall dhá nóiméad ar an scáileán ach d’fhág an t-aisteoir clúiteach Sasanach Stephen Fry a rian suaithinseach féin ar an eagrán de Ros na Rún, sobal TG4, a raibh sé le feiceáil ann.

Tuilleadh eolais anseo ...

Níos Gaelaí ná na Gaeil Iad Féin

Teipeann ar go leor Éireannach an Ghaeilge a thabhairt leo i gceart, in ainneoin blianta fada a chaitheamh ag déanamh staidéir uirthi ar scoil. Tá go leor eachtrannach ann anois, áfach, a bhfuil ardchaighdeán bainte amach acu sa teanga, mar a léirigh clár faisnéise a craoladh ar RTÉ le linn Sheachtain na Gaeilge.

Tuilleadh eolais anseo ...

Folúntais reatha sa Choimisiún Eorpach

Fógraíodh folúntais do riarthóirí sa Choimisiún Eorpach le déanaí agus beidh an-bhuntáiste ag iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Tuilleadh eolais anseo ...

Comórtas

Trí chóip den chárta sracfhéachana QuickGuide Irish Grammar le buachan, mar aon le trí shíntiús bliana don chúrsa ríomhfhoghlama den ainm céanna.

Tuilleadh eolais anseo ...

Buaiteoirí chomórtas mhí an Mhárta

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas mhí an Mhárta!

Tuilleadh eolais anseo ...

Dátaí tábhachtacha

Liosta de dhátaí tábhachtacha a bhaineann le himeachtaí de chuid Ghaelchultúir agus de chuid eagraíochtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo ...

Nasc na míosa

Tá suíomh gréasáin nua, Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí, díreach seolta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is ceiliúradh é an suíomh seo ar shaol agus ar shaothar an amhránaí iomráitigh.

Tuilleadh eolais anseo ...

Leid theicniúil na míosa

Tá an bunachar téarmaíochta Gaeilge focal.ie, atá ar an bhfód le cúig bliana, ar cheann de na hacmhainní saor in aisce is úsáidí don té a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar bhonn rialta.

Tuilleadh eolais anseo ...