Nuachtlitir #42: Bealtaine 2018

Nasc na míosa - mofoodblog.com


An cócaire cumasach thú a bhíonn i gcónaí sa tóir ar oidis nua? Nó an gcloíonn tú go docht leis na miasa céanna gach seachtain de bhrí go bhfuil eagla ort triail a bhaint as rud éigin nua? Cibé grúpa lena mbaineann tú, seans maith go gcuirfidh tú spéis i nasc na míosa seo, mofoodblog.com.


Is blag dátheangach é mofoodblog.com, ina gcuirtear réimse leathan oideas i láthair ar bhealach simplí sothuigthe. Ag tús gach oidis tugtar liosta de na comhábhair agus den fhearas a bheidh de dhíth ort (ar ábhar spéise iad iontu féin don té atá ag iarraidh cur lena stór focal!) agus ansin téann an blagálaí, Diarmuid Ó Mathúna, céim ar chéim tríd an oideas.


Gné den bhlag seo a thaitneoidh go mór leo siúd a bhíonn ar bheagán misnigh agus iad i mbun cócaireachta ná go mbíonn gearrfhíseán le gach céim den oideas, ina dtaispeántar go soiléir conas an chéim sin a chur i gcrích. Uaireanta bíonn sé deacair ar dhaoine nach bhfuil oiread taithí acu ar an gcócaireacht treoracha scríofa a leanúint, agus is réiteach iontach air seo na gearrfhíseáin atá ar mofoodblog.com.


Go dtí seo tá breis agus cúig oideas déag ar an mblag, agus cuirtear ceann nua leis gach cúpla seachtain. Tá réimse leathan mias i gceist, idir bhricfeastaí, dhinnéir, mhilseoga agus sneaiceanna, agus cuirtear na hoidis ar fáil i gcónaí i nGaeilge agus i mBéarla.

Má chuireann mofoodblog.com fonn ite ort seachas fonn cócaireachta beidh tú sásta a chloisteáil go mbeidh preabchaifé Gaelach á oscailt go luath ag an mblagálaí, Diarmuid Ó Mathúna, agus go mbeidh deis agat, mar sin, blaiseadh dá chuid cócaireachta gan stró dá laghad a tharraingt ort féin. Is i gcathair Chorcaí a bheidh an caifé, Pota, taobh istigh d’ionad Gael-Taca ar Phort Uí Shúilleabháin. Beidh sé ar oscailt ó 10.30am–4.00pm, Máirt–Satharn, ón 12 Meitheamh ar aghaidh, agus ar feadh míosa cruthófar spás bríomhar sóisialta, áit a mbeidh idir bhia blasta, bhlaisíní deasa milse, thae, chaife agus chomhrá ar fáil. Tá sé i gceist freisin imeachtaí cultúrtha a chur ar siúl sa spás le linn na tréimhse agus beidh níos mó eolais ar fáil fúthu sin sna seachtainí atá romhainn anseo.