Nuachtlitir #42: Bealtaine 2018

Buaiteoir an chomórtais


Comhghairdeas le Kathleen Ryan, buaiteoir chomórtas nuachtlitir mhí an Mhárta! Tá síntiús bliana dá rogha cúrsa ar ranganna.com buaite aici.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh an duais a bhuachan, ná bíodh lagmhisneach oraibh: tá deis agaibh i nuachtlitir na míosa seo áit ar Thionól Gaeilge UCD a bhuachan.


Ná déanaigí dearmad gur féidir rang oíche Gaeilge de chuid Ghaelchultúir a chur in áirithe ar an suíomh gaelchultur.com; go bhfuil leabhair agus acmhainní éagsúla d’fhoghlaimeoirí le ceannach ónár siopa ar líne, siopa.ie; agus go bhfuil cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.