Nuachtlitir #42: Bealtaine 2018

Imeacht Gaeilge - Féile na Gealaí


Deirtear nach mbíonn néal ann gan ghealán agus tá an méid sin fíor i gcas Fhéile na Gealaí. Is as luaithreach féile eile Ghaeilge, Ravelóid, a d’eascair an fuinneamh a chuir an t-imeacht leithleach seo ar an bhfód. Ghlac lucht eagraithe Fhéile na Gealaí misneach as na mílte ticéad a díoladh do Ravelóid sular cuireadh ar ceal é in 2016. Ní raibh ach trí seachtaine imithe thart nuair a chas na céadta Gael le chéile i Ráth Chairn i Meitheamh na bliana céanna.


Is féile cheoil chomhaimseartha Ghaeilge í Féile na Gealaí atá ag dul ó neart go neart ó bunaíodh í. Bronnadh “Féile na Bliana” uirthi ag Gradaim Cheoil NÓS le dhá bhliain anuas agus táthar ag súil go mbeidh breis is 250 duine i láthair ag imeacht na bliana seo. Is é príomhchuspóir na féile ná “ceol, cultúr agus ealaíona na Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach nuálaíoch”, de réir shuíomh gréasáin na féile. Is deis iontach í chomh maith do Ghaeilgeoirí ó gach cearn den tír “teacht le chéile agus caidreamh a chothú i nGaeilge”.


Tá an fhéile dírithe ar gach aoisghrúpa agus beidh Lá Teaghlaigh ann Dé Sathairn, 16 Meitheamh, i bPáirc Chuimhneacháin Ráth Chairn.


Tá Hannah Ní Bhaoill, comhstiúrthóir Fhéile na Gealaí, ag súil le himeacht bríomhar rathúil eile an mhí seo chugainn. “Tá sé le sonrú ón díolachán ticéad go dtí seo go mbeidh féile na bliana seo ar an gceann is mó go dtí seo, agus leis an tacaíocht bhreise atá faighte againn i mbliana tá clár leathan imeachtaí, chomh maith le scoth an cheoil Gaeilge agus Gàidhlig, curtha le chéile againn.


“Cé go bhfuil go leor féilte eile ceoil in Éirinn faoi láthair is í Féile na Gealaí an t-aon fhéile chomhaimseartha a reáchtáiltear i nGaeilge. Tugann Féile na Gealaí ardán d’ealaíontóirí Gaeilge atá ag cruthú saothair i réimsí éagsúla ceoil agus atá ag léiriú bheocht úr na teanga.”


Tá ticéid lae ar fáil ar €35 agus ní chosnóidh ticéad don deireadh seachtaine ar fad ach €80. Is féidir leat do cheannsa a cheannach ó shuíomh na féile anseo agus tá tuilleadh eolais i leith gach ní eile a bhaineann léi ar fáil anseo.


Feicfimid ann thú!