Nuachtlitir #42: Bealtaine 2018

Margadh na míosa


Foilsíodh Gramadach gan Stró! den chéad uair deich mbliana ó shin, agus ó shin i leith tá níos mó ná 20,000 cóip den leabhar díolta! Is é an ceathrú heagrán an t-eagrán is déanaí den leabhar agus tá sé sin ag teacht le Caighdeán Oifigiúil 2016.


Le deich mbliana de Gramadach gan Stró! a cheiliúradh, tá margadh thar a bheith speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Má cheannaíonn tú Gramadach gan Stró! ó siopa.ie, tabharfaimid síntiús trí mhí saor in aisce duit don chúrsa den teideal céanna ar ranganna.com.


Coinníollacha
• Ní mór ríomhphost a chur chuig eolas@siopa.ie agus “MARGADH” mar ábhar aige i ndiaidh duit d’ordú a chur isteach.
• Ní féidir leas a bhaint as an margadh seo ach uair amháin in aghaidh an duine.
• Rachaidh an margadh seo in éag Déardaoin, 31 Bealtaine 2018.