Nuachtlitir #42: Bealtaine 2018

An Ghaeilge sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí


Tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) breis agus cúig bliana ar an bhfód anois. Tá beagnach míle duine tar éis an cháilíocht a bhaint amach go dtí seo agus tá líon na rannpháirtithe ag méadú go leanúnach. An t-earrach seo tá beagnach 80 duine ag tabhairt faoin gcúrsa i gceanncheathrú Ghaelchultúir i mBaile Átha Cliath, tá cúrsaí á reáchtáil i gcomhairlí agus in eagraíochtaí stáit ar fud na hÉireann agus tá daoine i ngach cearn den tír ag tabhairt faoin gcúrsa ar líne freisin.


Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le beirt atá ag obair sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, eagraíocht a bhfuil beagnach céad dá baill foirne tar éis freastal ar chúrsaí i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus sa Longfort, le fáil amach faoin taithí a bhí acu agus iad i mbun an TGG agus faoin gcaoi a bhfuil an cúrsa tar éis dul i bhfeidhm orthu.


Amanda O’Hara, Oifigeach Traenála sa Longfort | Leibhéal 3


Inis dúinn faoi do thaithí ag foghlaim na Gaeilge go dtí seo.
Bhí mé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ag an ardleibhéal suas go dtí an tseachtain roimh an Ardteist nuair a chinn mé ar an bpáipéar gnáthleibhéil a dhéanamh. Is dócha gur tháinig líonrith orm nuair a tháinig aimsir na scrúduithe, ar an drochuair! D’éirigh liom B1 a bhaint amach fós féin, rud a chiallaíonn go mbeinnse breá in ann don pháipéar ag an ardleibhéal. Bhí an cur chuige foghlama go hiomlán éagsúil an uair sin: an chloch ba mhó a bhí ar mo phaidrín agus mé i mbun na hArdteiste ná na pointí a fháil le háit a bhaint amach ar chúrsa ollscoile. Ní raibh baint ná páirt ag an bpléisiúr le foghlaim na Gaeilge. Ina ainneoin sin, bhain mé taitneamh as an nGaeilge ar scoil agus bhí múinteoirí maithe agam a raibh an-ghrá acu don teanga. Chuaigh sé sin i gcion orm ar bhealach ach ní raibh deis cheart agam filleadh ar fhoghlaim na teanga ó shin.


Cén chaoi ar bhraith tú, mar sin, nuair a chláraigh tú don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil agus nuair a d’fhill tú ar an nGaeilge?
Is dócha go raibh taithí níos ilghnéithí agam an babhta seo. Ar ndóigh, tá dualgais reachtaíochta orainn san áit oibre anseo a gcaithfear freastal orthu agus b’in ceann de na príomhchúiseanna ar bheartaigh mé tabhairt faoin gcúrsa seo. Bhí amhras orm ar dtús mar go raibh eagla orm nach mbeinn in ann an dá thrá a fhreastal leis an ualach oibre a ghabh leis an gcúrsa seo mar aon leis na cúraimí a bhí orm san obair. Bhí na múinteoirí an-lách agus cineálta linn, áfach, rud a chuir ar mo shuaimhneas mé – b’fhada sin ón bhfaitíos a bhíodh orainn ar scoil.


Suimiúil go leor, thug mé faoi deara de réir mar a bhí an cúrsa ag dul ar aghaidh go raibh go leor ar eolas agam go fóill agus d'aithin mé roinnt mhaith den teanga. Shíl mé go raibh mé ag tosú ón tús arís, ach tháinig go leor rudaí ar ais chugam go nádúrtha. Anuas air sin bhí mé ag foghlaim níos mó an uair seo toisc gur theastaigh uaim dul i mbun foghlama – tá aidhm agus úsáid ag an teanga domsa san áit oibre agus bhí mé in ann sult a bhaint aisti toisc nach raibh mé buartha faoin mbrú a bhaineann le scrúduithe. Tá ábhar an chúrsa an-ábhartha agus an-úsáideach domsa i mo phost, idir stór focal, abairtí agus fhrásaí. Is féidir liom iad a chleachtadh agus a úsáid go rialta san obair. Is cuimhin liom go ndúirt mé liom féin: “Is fiú é seo a fhoghlaim, é a bheith ar mo thoil agam agus tá súil agam go mbeidh mé in ann freastal ar riachtanais na gcustaiméirí amach anseo más gá.” Chuir sé sin gné iomlán nua le foghlaim na teanga domsa.


Cén tábhacht atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla duitse san áit oibre?
De réir an Achta seo, tá dualgas orainn seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don phobal más gá a leithéid a sholáthar. Tá an Roinn féin ag cur neart tacaíochta ar fáil chun an dualgas sin a chomhlíonadh agus tá go leor leor dul chun cinn déanta le gairid. Rinne mé féin staidéar ar an Spáinnis san ollscoil agus níor rith sé liom go dtí gur thug mé cuairt ar an Spáinn agus ar thíortha ina labhraítear an Spáinnis i Meiriceá Theas an tábhacht a bhaineann le teanga dhúchais agus le cumas a bheith ag duine í a labhairt. Tá an t-uafás le saothrú as sin agus ós rud é nach raibh an Ghaeilge ar mo thoil agam theastaigh uaim é sin a chur ina cheart.


Tá an Roinn ag obair go dian le go mbeidh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge don phobal. De réir mar a dhéanfaidh tuilleadh baill foirne anseo sa Longfort cúrsaí Gaeilge, beidh níos mó daoine againn a bheidh réidh le freastal ar chustaiméirí trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, tá a fhios agam agus Leibhéal 3 den TGG déanta agam nach bhfuil mé líofa sa teanga go fóill, ach is cinnte go bhféadfainn déileáil le glao gutháin. Tá an tuiscint sin tar éis cur le mo chuid muiníne agus tá an cúrsa seo tar éis barr feabhais a chur ar mo chuid scileanna agus mé ag plé le custaiméirí.


An molfá do dhaoine eile tabhairt faoin TGG?
Mholfainn, cinnte. Bhain mé idir thaitneamh agus tairbhe as an gcúrsa. Dá gcuirfí an cúrsa ar fáil anseo ag Leibhéal 4 ní bheadh aon drogall orm clárú dó. Ina theannta sin, is cúrsa creidiúnaithe de chuid QQI é agus tá seasamh níos láidre ag an gcúrsa féin dá bharr sin. Caithfear cloí leis an gcaighdeán a leagtar amach chun an teastas a bhaint amach rud a chinntíonn gur féidir dul chun cinn a dhéanamh agus an chéad leibhéal eile a dhéanamh. Bhí bronnadh na dteastas ar siúl anseo sa Longfort le gairid agus bhí atmaisféar iontach ann – bhí éacht déanta ag gach duine i gcaitheamh an chúrsa agus bhí sé sin le feiceáil i dtoradh ár gcuid oibre. Tapóidh mé an deis, mar sin, má chuirtear cúrsa eile ar fáil!



Tom Duffy, Traenálaí san Aonad Forbartha Foirne | Leibhéal 5


Inis dúinn faoi do thaithí féin maidir leis an nGaeilge a fhoghlaim.
Rinne mise staidéar ar an nGaeilge ar scoil timpeall leathchéad bliain ó shin. Is as Contae Mhaigh Eo ó dhúchas mé agus cé nár fhás mé aníos i gceantar Gaeltachta rinne mé mo chuid scolaíochta trí mheán na Gaeilge go dtí an Mheánteistiméireacht agus bhí an-dúil ag na múinteoirí sa teanga. Is cuimhin liom go raibh an máistir scoile an-tógtha leis an nGaeilge, agus is dócha gur thug sé sin misneach domsa leanúint ar aghaidh le foghlaim na teanga. D’fhreastail mé ar scoil chomhoideachais agus mura bhfuil aon dul amú orm, bhí sí ar cheann de na chéad scoileanna dá leithéid sa chuid sin den tír ag an am. Bhí múinteoir maith agam don Mheánteist agus b’in an fáth a raibh Gaeilge réasúnta maith agam faoi aimsir na hArdteistiméireachta.


Tá cur chuige i gcás an TGG éagsúil leis an gcur chuige a bhí ann agus mise ar scoil agus i bhfad níos taitneamhaí. Feictear domsa go bhfuil feabhas tagtha ar na modhanna múinte agus cuirtear an bhéim ar labhairt na teanga féin, seachas ar chúrsaí gramadaí. Bíonn measúnuithe le déanamh i gcaitheamh an chúrsa agus bhí siad sin dúshlánach go leor ó am go ham. Thug mé féin faoi Leibhéal 5, cé gur theastaigh uaim tabhairt faoi Leibhéal 4 ar dtús. Dúradh liom Leibhéal 5 a dhéanamh agus b’éigean dom am agus dua a chaitheamh leis na measúnuithe, mar aon leis na scrúduithe cluastuisceana agus an scrúdú cainte, ach in ainneoin na ndeacrachtaí sin táim lánsásta gur chinn mé ar an gcúrsa a dhéanamh.


An bhfuil tú sásta gur chuir an Roinn an TGG ar fáil?
Tar éis dom an scoil a fhágáil agus post a thosú sa státseirbhís, rinne mé cúpla cúrsa Gaeilge le Gaeleagras agus cúpla ceann eile le Sult, club Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1999 anseo i mBaile Átha Cliath. Bhí ríméad orm a chloisteáil go raibh cúrsaí Gaeilge á dtairiscint arís mar go raibh suim agam riamh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Ós rud é go bhfuilim féin ag obair sa rannóg traenála, bíonn dualgas orm cúrsaí a eagrú ar son na Roinne agus rachadh sé chun sochair dom an Ghaeilge a bheith ar mo thoil agam. Ní hamháin go gcabhródh sé le cúrsaí féinmhuiníne agus mé ag labhairt na teanga ach thabharfadh sé deis dom daoine eile atá ag obair sa Roinn a spreagadh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá tuairim is seacht míle duine ag obair sa Roinn seo agus tá an t-ádh liom gur féidir liom lámh chúnta a thabhairt do mo chomhghleacaithe ionas go mbeidís in ann freastal ar riachtanais na gcustaiméirí agus ar an bpobal i gcoitinne.


An bhfuil ról tábhachtach ag Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Roinn?
Tá ról lárnach ag an Acht san áit oibre – caithfear seirbhís dhátheangach a chur ar fáil dár gcustaiméirí agus don phobal, de réir an dlí, i mBéarla agus i nGaeilge, agus is fúinne atá sé a chinntiú go gcuireann an Roinn an tseirbhís sin ar fáil. Níl mórán daoine ag baint tairbhe as an tseirbhís i láthair na huaire ach mura ndéantar iarracht Gaeilge a labhairt leis an bpobal ní úsáidfidh an pobal sin ár seirbhísí Gaeilge. Tá cainteoirí Gaeilge ann atá toilteanach seirbhís Bhéarla a úsáid ach tá sé ríthábhachtach meas a léiriú ar an nGaeilge agus ar chainteoirí Gaeilge agus iarracht a dhéanamh freastal ar a gcuid riachtanas chomh maith.


An molfá do dhaoine eile tabhairt faoin TGG, mar sin?
Cinnte, mholfainn. Tá an cúrsa féin dúshlánach go leor ach thaitin sé liom ó thús deireadh. Bhí mé an-sásta leis na torthaí a bhain mé amach agus bhraith mé go raibh éacht déanta agam nuair a bronnadh mo theastas orm. Chuir múinteoirí agus foireann Ghaelchultúir tacaíocht den scoth ar fáil nuair a tháinig aon fhadhb nó deacracht chun cinn le linn an chúrsa. Chothaigh na múinteoirí muinín ionainn agus chuir sé sin go mór le hatmaisféar an ranga. Chabhraigh sé go mór linn inár ndul chun cinn agus tháinig feabhas ar ár scileanna teanga dá réir.



Cuirfear tús arís leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil i nGaelchultúr i mBaile Átha Cliath ar an 25 Meán Fómhair 2018, ach is féidir cúrsaí intí a reáchtáil in eagras ar bith ag am ar bith in aon áit sa tír. Más mian leatsa tuilleadh eolais a fháil faoin TGG, faoi na modhanna éagsúla seachadta atá ar fáil i gcás an chúrsa nó más mian leat measúnú saor in aisce a sceidealú duit féin nó don fhoireann i d’ionad oibre (is cuma cén áit san tír ina bhfuil tú), tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com, glaoigh ar Michelle Seoighe, Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta Ghaelchultúir ag an uimhir (01) 484 5225 nó seol teachtaireacht ríomhphoist chuig michelle@gaelchultur.com.