Nuachtlitir #42: Bealtaine 2018

Foghlaim na Gaeilge: dearcadh beirt fhoghlaimeoirí


Le déanaí, labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le beirt fhoghlaimeoirí, Niamh Ní Riain as Baile Átha Cliath agus Riccardo Superbo as an Iodáil, atá tar éis cúpla rang oíche a dhéanamh le Gaelchultúr, lena gcuid tuairimí a fháil faoin nGaeilge agus faoi fhoghlaim na teanga. Is Cúntóir Oideachais í Niamh sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus tá Riccardo ag plé leis an meaisínaistriúchán leis an gcomhlacht KantanMT.


Riccardo Superbo


1. Cén fáth ar chuir tú spéis sa Ghaeilge?
Tá an-suim agam i dteangacha agus sa teangeolaíocht i gcoitinne, agus ba ar an gcaoi sin ar chuala mé faoin nGaeilge den chéad uair. Nuair a tháinig mé go hÉirinn bhí suim agam an Ghaeilge a fhoghlaim chun tuiscint níos fearr a fháil ar chultúr na tíre. Tá a fhios agam gurb é an Béarla teanga fhormhór na nÉireannach, ach bhí mé ag iarraidh nasc a dhéanamh leis an gcultúr dúchais. Táim tar éis a bheith i mo chónaí i roinnt tíortha éagsúla le blianta beaga anuas agus rinne mé iarracht i gcónaí teanga na dtíortha sin a fhoghlaim. Nuair a tháinig mé go hÉirinn ansin, bhí mé ag iarraidh blas a fháil den teanga, fuaimeanna na teanga a chloisteáil, agus níos mó eolais a fháil fúithi.


2. Céard a bhí ar eolas agat faoin nGaeilge sular bhog tú go hÉirinn?
Tá an-spéis agam i dteangacha i gcoitinne agus mar sin chuala mé trácht ar an nGaeilge sular bhog mé anseo. Bhí eolas agam ar fhréamhacha teangeolaíochta na teanga agus bhí a fhios agam gur teanga Cheilteach í.


D’fhoghlaim mé níos mó faoin nGaeilge nuair a bhog mé go hÉirinn, cé nach raibh mé tosaithe ar an teanga a fhoghlaim fós. Mar shampla, d’fhoghlaim mé gur “Irish” a chuireann Éireannaigh ar an teanga cé gur gaelico atá againn ar an teanga san Iodáil. Tá a fhios agam anois go n-úsáideann Éireannaigh Gaelic chun tagairt a dhéanamh do Ghaeilge na hAlban.


3. Cén chaoi ar chinn tú cúrsa a dhéanamh le Gaelchultúr?
Bhain mé Éire amach thart ar cheithre bliana ó shin agus i dtosach bhí mé ag foghlaim na Gaeilge i m’aonar. Bhain mé úsáid as Duolingo chun cur amach a fháil ar an teanga agus chun tús a chur leis an bhfoghlaim.


Chinn mé dhá bhliain ó shin go dtabharfainn faoi ranganna Gaeilge sa seomra ranga. Rinne mé taighde ar líne mar go raibh mé ag iarraidh an cúrsa ab oiriúnaí domsa a fháil. Fuair mé comhairle ó chairde de mo chuid a bhí ina múinteoirí Gaeilge, agus mhol siad Gaelchultúr dom. Bhí cuma mhaith ar an gcúrsa agus bhí sé oiriúnach don sceideal atá agam. Chláraigh mé ar Bhunleibhéal 1 ansin.


4. Céard é an rud is fearr leat faoi na cúrsaí atá déanta agat le Gaelchultúr?
Tá cúpla cúrsa curtha i gcrích agam faoin tráth seo. Is maith liom go bhfuil gné láidir cainte agus éisteachta sna cúrsaí agus ceapaim gur cur chuige an-éifeachtach é. De ghnáth is fearr liom a bheith ag scríobh agus ag foghlaim rialacha gramadaí, ach tuigim go bhfuil gnéithe eile teanga, amhail an cumas labhartha, níos tábhachtaí agus daoine ag tosú ar theanga a fhoghlaim.


Táim díreach tar éis Meánleibhéal 1 a chríochnú agus braithim níos muiníní anois ná mar a bhí mé roimhe sin, cé go raibh an cúrsa féin an-dúshlánach. Chuir mé go mór le mo scileanna éisteacha le linn an chúrsa mar nár labhair an múinteoir ach Gaeilge linn. Bhain sé sin siar asam i dtosach ach chuaigh mé i dtaithí air agus d’fhoghlaim mé an t-uafás ón gcúrsa sin.


5. An raibh deis agat fós dul go dtí an Ghaeltacht?
Thug mé cuairt ar Éirinn sular tháinig mé chun cónaithe anseo agus rinne mé neart taistil. Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht, agus bhí mé ar saoire sa Daingean agus sa Spidéal. D’fhill mé ar an nGaeltacht arís tar éis dom tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim – chuaigh mé go Tír Chonaill agus ar ais go Conamara – agus thug mé faoi deara gur thuig mé níos mó den teanga. Bhí mé in ann na comharthaí bóthair a léamh agus rudaí áirithe a thuiscint.


6. Céard iad na hacmhainní foghlama a úsáideann tú taobh amuigh den seomra ranga?

Ba mhaith liom nós a bhunú dom féin a bheith ag éisteacht leis an nGaeilge gach lá. Ceann de na buntáistí ba mhó a bhain leis an gcúrsa ar an meánleibhéal go raibh mo chomhscoláirí in ann cúpla nod a thabhairt dom ó thaobh fhoghlaim na teanga de. Mhol siad dom féachaint ar TG4 agus éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus déanaim iarracht é sin a dhéanamh go minic. Úsáidim Duolingo fós chun struchtúr a chur le mo chuid foghlama agus chun feabhas a chur ar mo stór focal.


Gaeilge gan Stró! – Beginners Level ceannaithe agam freisin agus ceapaim gur áis den chéad scoth atá ann. Bhain mé an oiread sin leasa as gur chinn mé an dara leabhar sa tsraith, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, a cheannach chomh maith. Is leabhar an-chuimsitheach é agus is iontach an cuidiú é dom agus mé ag foghlaim. Úsáidim é chun cur leis an eolas a fhaighim sna ranganna agus chun struchtúr a chur le mo chuid foghlama sa bhaile. Dar ndóigh, ní bhíonn dóthain ama ann riamh chun gach uile rud a fhoghlaim sa seomra ranga. Anois agus Gaeilge gan Stró! agam, is féidir liom eolas breise gramadaí a fhoghlaim as mo stuaim féin ionas go mbeidh tuiscint níos fearr agam ar an ábhar sa seomra ranga.


Tá sé ar intinn agam Gaeilge gan Stró! a úsáid chun leanúint ar aghaidh ag foghlaim le linn an tsamhraidh.


Niamh Ní Riain


1. Ar thaitin an Ghaeilge leat agus tú ar scoil?
Thaitin ach bhí sé cineál difriúil i mo chás-sa mar gur fhreastail mé ar bhunscoil lán-Ghaelach, Scoil Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin, agus fuair mé mo chuid meánscolaíochta trí Ghaeilge freisin, i gColáiste Chilliain i gCluain Dolcáin. Bhí sé cineál nádúrtha domsa í a labhairt – bhí mé á labhairt sa bhaile le mo thuistí agus le mo dheirfiúr. Ach thaitin an Ghaeilge liom agus mé ar scoil.


Nuair a bhínn ar laethanta saoire le mo theaghlach, thaitníodh sé go mór liom a bheith in ann í a labhairt, cineál de theanga rúnda a bheith againn, cé gur in Éirinn a bhímis ar saoire.


2. Cad iad na cúrsaí Gaeilge atá déanta agat ó d’fhág tú an scoil?
D’fhreastail mé ar an gcoláiste i Maigh Nuad ar feadh bliana agus rinne mé staidéar ar an nGaeilge agus mé ansin. An fhadhb a bhí ann ná go raibh mé ag déanamh staidéir ar an gceol agus, leis an bhfírinne a rá, ní raibh mé rómhaith aige! Níor fhan mé ansin don chéim, mar sin, ach thaitin sé go mór liom a bheith ag déanamh na Gaeilge le linn mo chuid ama sa choláiste. Bhí na daoine a labhair an teanga an-deas agus na mic léinn eile a bhí sa rang liom bhí siadsan an-chairdiúil freisin.


Tá roinnt cúrsaí déanta agam le Gaelchultúr le tamall anuas. D’fhreastail mé ar Ardrang 2 ar feadh téarma amháin agus rinne mé Cruinneas sa Ghaeilge faoi dhó ina dhiaidh sin. Is rud iontach é gur féidir leat leibhéal a dhéanamh ar feadh trí théarma de bharr go n-athraíonn an t-ábhar ó théarma go téarma. Ba mhaith liom an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a dhéanamh le Gaelchultúr freisin ach b’fhéidir go dtógfadh sé tamall eile orm an caighdeán sin a bhaint amach. Am éigin sa todhchaí, is dócha!


3. Cé chomh fada is atá tú ag obair sa Leabharlann Náisiúnta?
Tá mé ag obair sa Leabharlann ó bhí mí Eanáir na bliana seo caite ann – mar sin, díreach os cionn bliana. Roimhe sin bhí mé ag obair in dhá eagraíocht chultúrtha agus bhí mé ábalta an Ghaeilge a úsáid sa dá phost sin. Agus caithfidh mé a admháil gur mar gheall ar an nGaeilge a fuair mé an post sa Leabharlann. Bhí mé in ann í a labhairt agus, dar ndóigh, bíonn daoine i gcónaí ag lorg turas as Gaeilge nó ceardlann as Gaeilge agus is iontach an rud é sin domsa. Táimid ag cur go leor turais Ghaeilge ar fáil i mbliana de bharr gur Bliain na Gaeilge atá ann agus táimid ag súil go mbeidh ceardlanna againn freisin trí mheán na Gaeilge.


Tá an teanga ag roinnt de na baill foirne eile anseo sa Leabharlann, mar sin buailimid le chéile uair sa tseachtain de ghnáth chun comhrá a dhéanamh le chéile. Tá mise ag obair sa Rannóg For-rochtana agus tá siadsan ag obair i rannóga eile: i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní, mar shampla, agus sa Phríomhsheomra Léitheoireachta.


4. Cé hiad na dreamanna a bhíonn ag lorg na dturas Gaeilge?
Bíonn meascán i gceist. Bíonn turas againn don phobal i gcoitinne uair sa mhí, ag brath ar cén mhí atá ann, agus ag brath ar an taispeántas atá ann freisin. I láthair na huaire, tá taispeántas Yeats againn agus is féidir liom féin turas Gaeilge a dhéanamh maidir leis sin. Tá taispeántas againn faoin gCéad Chogadh Domhanda agus na hÉireannaigh a bhí páirteach ann agus tá an turas sin ar fáil as Gaeilge freisin. Chomh maith leis sin, tá taispeántas dar teideal Photo Detectives againn sa Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta i mBarra an Teampaill atá bunaithe ar an obair dheonach a dhéanann daoine ar an suíomh gréasáin Flickr Commons; tá an turas sin ar fáil i nGaeilge freisin.


Agus, dar ndóigh, má bhíonn múinteoir ag iarraidh turas a fháil le haghaidh daltaí scoile, bím féin in ann é sin a dhéanamh chomh maith. Caithfimid níos mó a dhéanamh leis an scéala a scaipeadh chun go dtuigfidh múinteoirí go bhfuil na turais ar fáil as Gaeilge. Ach tá éileamh ann i gcás na dturas eile, na turais phoiblí – tá éileamh ann, cinnte.


Déanaimid na turais Ghaeilge a phoibliú ar Twitter agus Facebook agus ar shuíomh gréasáin na Leabharlainne, nli.ie.


Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag daoine go bhfuil seirbhísí ar fáil as Gaeilge uainn. Caithfidh tú seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh sula dtéann tú chun na Leabharlainne le déanamh cinnte go mbeidh cainteoir Gaeilge ar fáil – ar eagla go mbeadh an duine a chuireann an tseirbhís ar fáil as láthair an lá sin.


5. Cén fáth ar chinn tú ar chúrsaí Gaeilge a dhéanamh le déanaí le Gaelchultúr?
Bhí cúiseanna éagsúla agam. Cuid mhór den obair a dhéanaim, léamh profaí a bhíonn i gceist léi. Léim an t-ábhar trí Ghaeilge atá againn cheana féin agus déanaim é a cheartú. Mhothaigh mé go mbeadh beagán níos mó cabhrach ag teastáil uaim ó thaobh na gramadaí de ach, chomh maith leis sin, bainim taitneamh as na ranganna. Teastaíonn uaim feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge freisin ar chúiseanna pearsanta.


Measaim gur cheart do dhaoine an Ghaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal atá acu. Ó mo thaobh féin de, is breá liom a bheith in ann fiú “Go raibh maith agat” a rá le daoine. Ba cheart do dhaoine pé Gaeilge atá acu a úsáid, í a thriail pé áit ar féidir leo.


6. An mbíonn mórán deiseanna agat an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den obair agus den seomra ranga?
Bíonn. Tá Gaeilge ag mo dheirfiúr, tá Gaeilge ag duine de na cairde is fearr atá agam agus tá Gaeilge ag mo bhuachaill. Lena chois sin, tá grúpa cairde agam ar daoine iad ar bhuail mé leo agus muid ag obair le chéile i gceann de na heagraíochtaí cultúrtha a raibh mé fostaithe ann. Táimid fos i dteagmháil lena chéile agus bímid ag iarraidh bualadh le chéile agus Gaeilge a labhairt. Agus, ar ndóigh, tá an Pop Up Gaeltacht ann freisin.


Ní fheicimse mórán rudaí diúltacha ó thaobh na Gaeilge de. Cinnte bíonn daoine ag tabhairt amach faoin méid airgid a chaitear ar sheirbhísí Gaeilge agus cuireann sé isteach orm é sin a chloisteáil. Sa Leabharlann, táimid ag iarraidh rudaí a chur amach trí Ghaeilge, táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh, ní díreach de bhrí go gcaithfimid é a dhéanamh. Caithimid go leor dua leis an nGaeilge, bímid ag iarraidh rudaí a fháil i gceart. Sin an chúis a raibh mé ag freastal ar na cúrsaí i nGaelchultúr: de bhrí go bhfuilimid ag iarraidh nithe a bheith i gceart.


7. Cad iad na pleananna atá agat don samhradh, ó thaobh na Gaeilge de agus ar bhonn pearsanta?
Má bhím in ann, ba bhreá liom cúrsa a dhéanamh sa Ghaeltacht – ní raibh deis agam é sin a dhéanamh riamh cheana. Ach níl a fhios agam an mbeidh deis agam sin a dhéanamh an samhradh seo. Ó thaobh saoire de, tá sé beartaithe agam dul go hOileáin Árann arís – is breá liom an áit sin.


Ansin, ó thaobh na Leabharlainne de, táimid chun imeacht nó dhó a reáchtáil trí Ghaeilge. Níl siad cinntithe go fóill ach tá súil agam go mbeidh go luath.


Ranganna oíche an tsamhraidh


Beidh ranganna oíche Ghaelchultúir, ó Bhunrang 1 go Cruinneas 1, ag tosú arís an tseachtain dar tús 14 Bealtaine 2018. Is féidir leat clárú le haghaidh cúrsa anseo, nó mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal ag a bhfuil tú is féidir leat bualadh isteach chuig Gaelchultúr idir 12.00pm agus 1.00pm an Satharn seo, 12 Bealtaine, agus freastal ar an imeacht Blaiseadh den Ghaeilge. Déanfaimid do chumas sa Ghaeilge a mheas agus ina dhiaidh sin beidh deis agat freastal ar rang Gaeilge fiche nóiméad, rud a thabharfaidh blaiseadh duit den stíl mhúinteoireachta a úsáidimid. Beidh tú in ann clárú do chúrsa an tsamhraidh freisin, más mian leat, ach ní bheidh sé seo riachtanach.