Nuachtlitir #41: Márta 2018

Imeachtaí Gaeilge – roinnt imeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge


Tá Seachtain na Gaeilge 2018 faoi lán seoil anois agus, cé gur cuireadh cúpla imeacht ar athló le déanaí de dheasca na haimsire, beidh neart deiseanna ag pobal na Gaeilge an teanga a cheiliúradh fós. Seo a leanas blaiseadh de na himeachtaí a bheidh ar siúl sna naoi lá atá amach romhainn:


Turas Poiblí: Stair agus Oidhreacht na Leabharlainne Náisiúnta – 10 Márta

Is furasta cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath, nó fiú maireachtáil ann, agus gan ach beagán de sheoda agus de stair na háite a fheiceáil i gceart. Is foirgneamh álainn lán draíochta é an Leabharlann Náisiúnta, atá lonnaithe i gcroílár na cathrach, agus beidh deis ag cuairteoirí foghlaim faoi ailtireacht, oidhreacht agus ábhar na Leabharlainne trí mheán na Gaeilge ar an 10 Márta, ag 3.00pm. Críochnóidh an turas le cuairt ar an Seomra Léitheoireachta álainn. Is deis é seo le foghlaim faoin Leabharlann féin agus do chuid Gaeilge a chleachtadh i bhfóram neamhfhoirmeálta.


Tá tuilleadh eolais faoin imeacht ar fáil anseo.


Léamh filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill agus Dairena Ní Chinnéide

Má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn agus más mian leat blaiseadh a fháil de shaibhreas fhilíocht na Gaeilge, buail isteach chuig Éigse Éireann, 11 Cearnóg Parnell Thoir ag 6.00pm, Dé Céadaoin, 14 Márta. Beidh Nuala Ní Dhomhnaill, a bhfuil cáil idirnáisiúnta ar a cuid filíochta, agus Dairena Ní Chinnéide, scríbhneoir cónaithe Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag léamh cuid dá saothar ar an oíche, agus is é Theo Dorgan, file agus iarstiúrthóir ar Éigse Éireann, a chuirfidh in aithne iad don slua.


Is iad Éigse Éireann, i gcomhair leis an bhFéile Litríochta Fhranc-Éireannach, a bheidh ag reáchtáil an imeachta seo, agus tá fáilte roimh chách freastal air. Tá na ticéid saor in aisce, ach is fiú iad a chur in áirithe roimh ré anseo.


Seachtain na Gaeilge sa Pholainn – 14 Márta

Deirtear go bhféadfaí casadh le hÉireannach i gcoirnéal ar bith den chruinne agus is cosúil go mbeidh an méid seo fíor i gcás na nGael gan mhoill! Más Gael ar seachrán in oirthear na hEorpa tú, b’fhiú súil a choinneáil ar an méid a bheidh ar siúl ag Koło Naukowe Celtologii (Institiúid Léann na Polainnise agus an Chultúir). Seo é an seachtú huair dóibh páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge agus díreofar na himeachtaí ar dhaltaí scoile agus ar an aos óg i mbliana, ar mhaithe le spéis i stair, béaloideas agus cultúr na hÉireann a spreagadh iontu.


Tá níos mó eolais ar fáil anseo.