Nuachtlitir #41: Márta 2018

Buaiteoir an chomórtais


Comhghairdeas le Annemarie Nugent, a bhuaigh comórtas mhí Mheán Fómhair. Tá na leabhair a bhí i sraith an fhómhair de ChlubLeabhar.com buaite aici. Is iad na saothair a bhí i gceist ná Cás aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde, I dTír Mhilis na mBeo, Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór agus Conaire Mór.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh an duais a bhuachan, ná déanaigí dearmad gur féidir libh leabhair agus acmhainní éagsúla, cinn d’fhoghlaimeoirí san áireamh, a cheannach ar siopa.ie.