Nuachtlitir #41: Márta 2018

ClubLeabhar.com: Agallamh le Pól Mac Uistin ó Chlub Leabhar Pháras


Is tionscadal de chuid Ghaelchultúir é ClubLeabhar.com, atá á mhaoiniú ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge). Bunaíodh ClubLeabhar.com ag deireadh 2009 agus é mar aidhm aige daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm ag an gclub chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.


Le déanaí, labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le duine atá ina bhall de chlub leabhar atá ag leanúint shraith ClubLeabhar.com. Bhunaigh Pól Mac Uistin club leabhar Gaeilge i bPáras anuraidh agus san agallamh seo déanann sé cur síos ar imeachtaí an chlub sin.



Cén fhad atá an club ar an bhfód agus cén fáth ar bhunaigh tú é ar dtús?
Bhunaigh mé an club i mí Eanáir na bliana seo caite. Bhí mé ag freastal ar chúrsa Gaeilge ag an am sin sa Choláiste Éireannach i bPáras, áit a gcuirtear ranganna ar fáil do dhaoine atá ag tabhairt faoi Theastas Eorpach na Gaeilge, agus thug mé faoi deara go raibh a lán daoine ann a bhí ag léamh leabhair Ghaeilge as a stuaim féin. Cheap mé gur dheas an rud é dá mbeadh gach aon duine ag léamh an leabhair chéanna agus dá mbeidís in ann a bheith ag caint faoi. Ag an am céanna, bhí cúrsa Gaeilge idir lámha agam le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr i gcruinneas na Gaeilge. Lá amháin bhí mé ag caint le Róisín Adams (Bainisteoir Forbartha Curaclaim Ghaelchultúir) agus fuair mé amach go raibh club leabhar ann agus chuir mé an dá rud le chéile. Bhí daoine eile sa rang a raibh Gaeilge cuibheasach maith acu a bhí i gcónaí ag léamh, agus mar sin, dúirt mé, “Cén fáth nach gcuirimid ár n-iarrachtaí le chéile agus nach léimid na leabhair chéanna?” Chuir mé ríomhphost amach ag lorg daoine agus bhí suim ag a lán daoine ann. Ní hionann sin agus na leabhair a léamh ach anois tá ar a laghad seisear ann a ghlacann páirt sa chlub agus uaireanta bíonn thart ar naonúr i láthair.


Cé chomh minic is a bhuaileann sibh le chéile agus cén áit?
Buailimid le chéile uair sa mhí. Nuair a bhíonn sraith nua leabhar ag ClubLeabhar.com, féachaimid ar an liosta le chéile. Ní léimid gach leabhar ar an liosta, áfach: bíonn leabhair ann nach mbíonn suim ag daoine áirithe iontu agus leabhair eile a mbíonn suim mhór ag daoine iontu. Féachaimid ar na leabhair atá i gceist agus de ghnáth bíonn leabhar nó dhó a mbíonn spéis againn iontu. Mura bhfuil leabhar ann a thaitníonn linn, féachaimid ar an gcartlann atá ag ClubLeabhar.com; téann sé siar go 2009, mar sin tá a lán leabhar ann. Mar shampla, le déanaí bhí suim ag duine de na baill filíocht a léamh agus fuaireamar leabhar sa chartlann, Filíocht Ghrá na Gaeilge, a bhí mar leabhar na míosa sé bliana ó shin.


Cuirim ríomhphost amach cúpla lá roimh an oíche agus más leabhar gearrscéalta atá i gceist, iarraim ar gach duine scéal amháin a roghnú agus sliocht a roghnú as an scéal sin. Nuair a bhuailimid le chéile, léann gach aon duine an sliocht agus míníonn siad cén fáth a dtaitníonn sé leo.


Buailimid le chéile ar Châtelet, crosbhóthar i lár na cathrach. Téimid isteach i gcaifé beag gleoite in aice le Cearnóg Châtelet darb ainm Le Café Livres (An Caifé Leabhar). Is bistró agus leabharlann araon é - tá seilfeanna i ngach áit agus leabhair ar fud na háite. Is deas an áit é chun plé a dhéanamh ar leabhair toisc go bhfuil sé ciúin agus compordach.



An mbíonn sibh ar aon tuairim faoi na leabhair i gcónaí nó an mbíonn díospóireacht fhíochmhar ann uaireanta?
Is cinnte go mbíonn tuairimí éagsúla ann nó, murach sin, bheadh sé an-leadránach ar fad! Ach ní bhíonn na díospóireachtaí fíochmhar in aon chor. Braitheann sé ar an leabhar chomh maith. Tá leabhair ann a bhfuil an t-ábhar níos conspóidí iontu ná mar atá i leabhair eile. An chéad leabhar a léamar an bhliain seo caite ná Go mbeinnse choíche saor le Máire Dinny Wren agus thaitin an saothar sin le gach duine. Tá plé sa leabhar ar fhadhbanna comhaimseartha in Éirinn agus cearta na mban agus spreag sé sin a lán tuairimí éagsúla. Ach bíonn leabhair eile ann a bhíonn i bhfad níos séimhe.


Cén leabhar de chuid ClubLeabhar.com is mó a thaitin leat le tamall anuas?
Leabhar a thaitin go mór le daoine le déanaí ná Conaire Mór le Diarmuid Johnson. Leabhar beag atá ann a bhfuil dea-Ghaeilge ann, agus cé go bhfuil sé deacair a léamh, chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine. Thaitin an leabhar a luaigh mé cheana, Go mbeinnse choíche saor le Máire Dinny Wren, go mór liomsa. Táim i mo chónaí anseo le tríocha bliain anuas agus daoine eile sa chlub le deich mbliana nó fiche bliain anuas agus tugann leabhair mar sin deis dúinn léargas a fháil ar conas atá an tsochaí in Éirinn anois, do mhná go háirithe. Nuair a bhí mé níos óige agus mé ag léamh as Gaeilge, sna seachtóidí agus sna hochtóidí, ní raibh a leithéid le fáil i litríocht na Gaeilge. Tá sé suimiúil dúinn é sin a fheiceáil, muidne atá inár gcónaí thar lear le blianta. Tá dearmad beagnach déanta againn ar shochaí na hÉireann. Níl a fhios agam cén sprioc atá ag baill ClubLeabhar.com in Éirinn ach tá sprioc eile ag na daoine atá thar lear; piocaimid leabhair a bhaineann leis an sprioc sin. Mar shampla, is é An Leathanach Bán le Pénélope Bagieu leabhar mhí an Mhárta agus scríobhadh an leabhar sin i bhFraincis ar dtús. Mar sin, bheadh na daoine anseo á léamh as Fraincis, mar aon le Tintin sa Tibéid, ar léigh mé le mo pháistí féin as Fraincis é.



An mbaineann sibh úsáid as na hacmhainní atá ar fáil ar ClubLeabhar.com?
Taitníonn na gluaiseanna go mór le gach duine - is áis an-úsáideach iad agus tú ag léamh. Níl a fhios agam cé hé nó hí a dhéanann iad ach tá sárobair á déanamh ag an duine. Tá daoine ann nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus is mór an chabhair iad na gluaiseanna dóibhsean go háirithe. Déanann siad an ghluais a phriontáil agus cuidíonn sí go mór leis an léitheoireacht. Maidir leis na podchraoltaí, d’éist mé féin le cúpla ceann acu, gan dabht. Chuir mé cúpla ceist sa bhfóram freisin ach ní bhíonn daoine ag baint a lán úsáide as. Ceapaim féin gurbh fhearr leo plé a dhéanamh ó bhéal.


An bhfuil pobal láidir Gaeilge i bPáras?
Tá cúpla grúpa i bPáras a bhfuil baint acu leis an nGaeilge: ár gclub leabhar féin, brainse Pháras de Chonradh na Gaeilge, an Ghaeltacht-sur-Seine, mar shampla. I gcás Chonradh na Gaeilge i bPáras, buailimid le chéile dhá uair sa mhí: uair amháin i dteach tábhairne, ar an Máirt dheireanach den mhí, agus uair eile mar ‘Pop Up Gaeltacht’. Bíonn níos mó ná deichniúir i láthair de ghnáth agus uair amháin bhí idir tríocha agus daichead duine ann.


An bhliain seo caite eagraíodh oíche trí Ghaeilge san Ambasáid i bPáras chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig. Oíche ghalánta a bhí ann agus fuair gach duine a raibh baint aige leis an nGaeilge i bPáras cuireadh chuig an ócáid. Bhí beagnach seasca duine ann! Sin an líon is mó daoine a chonaic mé riamh i bPáras in áit amháin agus gach duine ag labhairt as Gaeilge. Mar sin, tá seasca ann a bhfuil cúpla focal Gaeilge acu. Bhí imeacht mór againn dhá bhliain ó shin chomh maith le linn chomóradh Éirí Amach na Cásca. Bhí sé ar siúl san iarnóin sa Choláiste Éireannach agus léadh amach Forógra na Cásca as Gaeilge agus as Fraincis lena linn. Bhí beagnach seasca duine i láthair ag an imeacht áirithe sin chomh maith.