Nuachtlitir #40: Meán Fómhair 2017

An Ghaeilge i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: Cuid 1


Tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) cúig bliana ar an bhfód an fómhar seo. Tá breis is 600 duine tar éis an cháilíocht a bhaint amach go dtí seo agus tá líon na rannpháirtithe ag méadú go leanúnach. An fómhar seo amháin beidh cúrsaí á ndéanamh ag 250 fostaí in eagraíochtaí timpeall na tíre, agus beidh go leor de na dreamanna sin ag reáchtáil an chúrsa den dara nó den tríú huair as a chéile.


Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le baill foirne de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, eagraíocht atá tar éis sé chúrsa de chuid an TGG a reáchtáil faoin am seo, le fáil amach cén chaoi a bhfuil an TGG tar éis dul i bhfeidhm ar bhaill foirne agus ar an eagraíocht ina hiomláine.


Anne Marie Kelly, Leabharlannaí Rannáin


Inis dúinn rud beag fút féin agus faoi do chúlra ó thaobh na Gaeilge de.
Bhí an-suim agam sa teanga riamh. Bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht in 1991 – fuair mé bunús maith sa teanga uaidh sin. Is leabharlannaí rannáin mé sa Chomhairle Cathrach le roinnt blianta anuas agus bím ag plé leis an nGaeilge trí na cláir agus na himeachtaí a bhíonn á n-eagrú againn i gcomhpháirt le Teach an Ardmhéara; imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge, mar shampla.



Cén fáth ar chinn tú ar an TGG a dhéanamh?
Ó rinne mé an chéim, is beag deis a bhí agam an Ghaeilge a labhairt – sin an phríomhchúis a ndearna mé an cúrsa. De bharr go mbíonn imeachtaí Gaeilge á n-eagrú agam mar chuid den phost bhraith mé gur ghá dom a bheith níos líofa sa teanga agus shocraigh mé ar chúrsa de chuid an TGG a dhéanamh. Ós rud é go raibh breis is scór bliain imithe thart ó rinne mé an chéim, bhraith mé gurbh fhearr dom tosú ag Leibhéal 4 – chun cleachtadh a fháil ar an gcaint tar éis achar fada agus chun mé a chur ag smaoineamh trí Ghaeilge arís. Rinne mé Leibhéal 4 ar dtús agus ansin lean mé ar aghaidh go dtí Leibhéal 5 ina dhiaidh sin.


An dóigh leat go ndearna tú mórán dul chun cinn ó leibhéal go leibhéal?

Bhí an stór focal agus an t-ábhar i gcoitinne níos dúshlánaí ag Leibhéal 5. Bhí béim níos mó ar shaibhreas agus ar nathanna cainte, bhí sé sin an-spreagúil agus bhraith mé go ndearna mé dul chun cinn sa chaoi sin. Bhí na téamaí an-suimiúil agus spreagadh siad plé bríomhar i measc na bhfoghlaimeoirí. Shleamhnaigh an t-am thart go han-tapa sna ranganna!


Cén chaoi a raibh tú ábalta na scileanna a fuair tú ón gcúrsa a chur i bhfeidhm i d’áit oibre?
Le linn chomóradh 1916 anuraidh, d’eagraigh mé imeacht trí Ghaeilge dar teideal “Mo Scéal Féin”. Chuir mé cuireadh amach chuig na ciorcail chomhrá éagsúla a bhailíonn le chéile sna leabharlanna eile i mBaile Átha Cliath teacht isteach chuig Leabharlann Shráid an Phiarsaigh lá amháin chun a gcuid scéalta a insint faoin mbaint a bhí ag a ngaolta le 1916. Sula ndearna mé an TGG, ní dóigh liom go mbeadh an mhuinín agam le himeacht mar sin a chur le chéile. I ndiaidh an chúrsa, is dócha gur bhraith mé go raibh Gaeilge níos saibhre agam agus measaim gur thug an cúrsa an mhuinín dom an chéim sin a thógáil.


An molfá an TGG do dhaoine eile?
Mholfainn, cinnte – cúrsaí an-inspioráideach a bhí iontu. Bhí siad eagraithe go maith agus bhí na múinteoirí go hiontach amach is amach. Tá a lán cúrsaí teanga déanta agam i mo shaol ach ceapaim gurbh iad sin na cinn ab fhearr a rinne mé riamh – ní féidir liom níos mó ná sin a rá.



An bhfuil sé i gceist agat tuilleadh cúrsaí a dhéanamh amach anseo?
Ba bhreá liom Leibhéal 6 den TGG a dhéanamh am éigin amach anseo ach b’fhéidir go ndéanfainn cúrsa cruinnis roimhe sin. Tá suim agam sa ghramadach agus ba mhaith liom tuiscint níos fearr a fháil ar ghnéithe áirithe di – an tuiseal ginideach, mar shampla! Measaim go mbeadh níos mó muiníne fós agam mar chainteoir Gaeilge dá ndéanfainn sin.


É sin ráite, cuimhním ar an rud a dúirt Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, ag bronnadh teastas an TGG: “Fiú mura bhfuil ach beagán Gaeilge agat, labhair í agus ná bíodh imní ort faoi bhotúin a dhéanamh.” Chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm agus anois tapaím gach deis a fhaighim an Ghaeilge a labhairt le comhghleacaithe de mo chuid. Braithim go bhfuil sé sin an-tábhachtach – mura mbíonn tú á labhairt go leanúnach sleamhnaíonn sí uait. Braithim go bhféadfainn a bheith níos líofa fós ach le tuilleadh cleachtaidh, beidh liom.


John Ryan – Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach


Inis dúinn fút féin agus faoi do chúlra ó thaobh na Gaeilge de.
Bhuel, bhí suim agam sa Ghaeilge i gcónaí. Rinne mé an t-ardleibhéal don Ardteist agus bhain mé onóracha amach – ach bhí sé sin i bhfad siar, 1977! Tá mé i mo bhall d’Áras Chrónáin; bhí mé i mo bhainisteoir ar an áit tráth agus bím fós ag casadh ceoil ann. Ó am go ham, labhraím Gaeilge leis na baill eile ansin. Ansin, mar chuid de mo phost anseo i gComhairle na Cathrach bím ag plé le hAonad Forbartha na Gaeilge. Tá suim an-mhór sa Ghaeilge anseo ar an urlár seo agus déanaimid iarracht i gcónaí beagán Gaeilge a labhairt lena chéile.



Cén fáth ar chinn tú ar an TGG a dhéanamh?
Cé go raibh tuiscint an-mhaith agam ar an nGaeilge i gcónaí, níor bhraith mé riamh go hiomlán líofa. Mar a luaigh mé, bhí sé de nós agam rud beag Gaeilge a labhairt le baill eile foirne anois is arís – píosa craic a bhí ann i gcónaí. Bhí thart ar sheachtar nó ochtar ar an urlár seo a bhí tar éis an TGG a dhéanamh le tamall anuas agus a chuir an-suim sa teanga. Chonaic mé an méid a bhain siadsan as an gcúrsa agus dúirt mé liom féin ‘Caithfidh mé cúrsa a dhéanamh’. Mar sin shocraigh mé ar Leibhéal 4 den TGG a dhéanamh.


Cad a shíl tú den chúrsa, ar an iomlán?
Bhraith mé go raibh na haonaid éagsúla an-ábhartha don saol laethúil. Cinnte bhí cuid den ábhar dúshlánach – go háirithe an méid a bhain le teanga na hoibre – ach ar an iomlán, braithim go bhfuil stór focal níos leithne agam anois. Tháinig go leor focal ar ais chugam le linn an chúrsa – cinn a bhí dearmadta agam – agus d’fhoghlaim mé go leor focail nua chomh maith.


Thar aon rud eile, áfach, fuair mé a lán muiníne as an gcúrsa. Cúpla seachtain tar éis dom an cúrsa a chríochnú thosaigh mé comhrá le duine in Áras Chrónáin, cainteoir an-líofa. Bhraith mé ar mo shuaimhneas á dhéanamh sin agus sula ndearna mé an cúrsa ní dóigh liom go mbeadh an mhuinín chéanna agam. Cheap mé go raibh Seán, an múinteoir, ar fheabhas. Chuir sé gach duine ar a shuaimhneas agus bhí an-spraoi sa rang i gcónaí.


Ar thaitin an fhoghlaim chumaisc (foghlaim ar líne agus sa seomra ranga) leat mar chur chuige?
Thaitin an chuid den chúrsa a bhí ar líne ar ranganna.com go mór liom agus cheap mé go raibh sé an-úsáideach agus mé ag ullmhú do na ranganna. Fuair mé i bhfad níos mó as na ranganna dá bharr. Thug mé faoi deara uair nó dhó nuair nár éirigh liom an t-ullmhúchán a dhéanamh roimh ré nár bhain mé an méid céanna as an rang. Is fiú go mór breathnú ar an ábhar roimh ré.


An bhfuil sé i gceist agat tuilleadh cúrsaí a dhéanamh amach anseo?
Tá, cinnte, ach fanfaidh mé bliain nó mar sin go dtí go dtabharfaidh mé faoin gcéad leibhéal eile. Ba chúrsa dúshlánach é agus is rud maith é sin, dar liom; mura bhfuil dúshlán ag baint le cúrsa, ní fiú tabhairt faoi! Idir an dá linn, déanfaidh mé gach deis a thapú le mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Tá an t-ádh liom go bhfuil oiread comhghleacaithe agam a bhfuil Gaeilge acu. Tá comhghleacaí amháin agam a dhiúltaíonn Béarla a labhairt liom, mar sin ní bhíonn an dara rogha agam ach Gaeilge a labhairt! Tá ciorcal comhrá againn anseo sa Chomhairle agus bhí mé ann cúpla uair cheana; tá obair iontach ar siúl ag an Aonad Forbartha Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn.


An molfá an TGG do dhaoine eile?
Céad faoin gcéad! Tá sé go hiontach anois daoine a fheiceáil ag cur suim sa teanga, daoine nár shamhlaigh mé riamh go mbeadh suim acu sa Ghaeilge. Measaim i gcoitinne gur bhreá le daoine a bheith ábalta an Ghaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil a úsáid arís agus tógáil ar an méid sin.


Ar an iomlán, tá sé dochreidte an méid suime atá léirithe ag daoine sa teanga [i gComhairle na Cathrach] agus tá éileamh millteanach ar na cúrsaí. Tá liosta feithimh ann dóibh, fiú – ní gá níos mó ná sin a rá. Tá go leor ar siúl ó thaobh na Gaeilge de agus tá meon dearfach ann i leith na teanga anois ach, é sin ráite, bímid i gcónaí ag smaoineamh ar bhealaí a bhféadfaimis feabhas a chur ar rudaí.



Tharla eachtra ghreannmhar ar maidin is mé ar mo bhealach isteach ón gcarrchlós. Chuala mé guth ag rá “Dia duit, a Sheáin”. Baineadh siar asam rud beag, caithfidh mé a rá. D’fhéach mé thart is cé a bhí ann ach fear a bhí ar an gcúrsa liom. Is cinnte go bhfuil próifíl na teanga ardaithe de bharr an TGG.





Cuirfear tús arís leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil i nGaelchultúr i mBaile Átha Cliath ar an 26 Meán Fómhair 2017, ach is féidir cúrsaí intí a reáchtáil in eagras ar bith ag am ar bith in aon áit sa tír. Más mian leatsa tuilleadh eolais a fháil faoin TGG, faoi na modhanna éagsúla seachadta atá ar fáil i gcás an chúrsa nó más mian leat measúnú saor in aisce a sceidealú duit féin nó don fhoireann i d’ionad oibre (is cuma cén áit san tír ina bhfuil tú), tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com, glaoigh ar Michelle Seoighe, Bainisteoir Forbartha Gnó Ghaelchultúir ag an uimhir (01) 484 5225 nó seol teachtaireacht ríomhphoist chuig michelle@gaelchultur.com.