Nuachtlitir #40: Meán Fómhair 2017

Nasc na míosa: Beo ar Éigean


An bhfuil tú sa tóir ar rud éigin nua le bheith ag éisteacht leis agus tú ar an turas chun na hoibre, amuigh ag rith nó ag réiteach an dinnéir? Má tá, seans go gcuirfidh tú spéis in Beo ar Éigean, podchraoladh úrnua Gaeilge atá ar fáil anois.


Is iad Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin láithreoirí Beo ar Éigean agus is triúr ban éirimiúil, greannmhar, misniúil iad a bhfuil stíl faoi leith ag gach duine acu.


Tá na podchraoltaí deas gonta (20 nóiméad ar fad ar an meán) agus in amanna is geall le bheith ag cúléisteacht le comhrá idir cairde iad. Go dtí seo, tá an bás, Club an Chonartha, an saol sóisialta agus an litríocht i measc na n-ábhar atá pléite ag na mná agus, sníofa isteach leis na téamaí móra sin, tá scéalta fánacha a chuirfidh an lucht éisteachta ag gáire os ard.


Gach Céadaoin a thagann eagrán nua ar an saol agus, de bhrí go bhfuil roinnt eagrán ar fáil cheana féin, beidh tú in ann ragús éisteachta a dhéanamh go dtí go dtiocfaidh an chéad cheann eile amach!


Podchraoladh de chuid RTÉ atá in Beo ar Éigean agus tá sé ar fáil ar rte.ie/gaeilge, ar iTunes agus ar na hardáin is mó a úsáidtear le bheith ag éisteacht le podchraoltaí.