Nuachtlitir #40: Meán Fómhair 2017

Comórtas


Tá na leabhair atá roghnaithe ag ClubLeabhar.com do shraith an fhómhair, 2017, á dtairiscint mar dhuais do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo!


Ceithre leabhar ar fad atá i sraith an fhómhair: Cás aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde, I dtír mhilis na mbeo, Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór agus Conaire Mór.


Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Cén bheirt léirmheastóirí a labhair le Seán Ó Catháin sa phodchraoladh mar gheall ar leabhar mhí Mheán Fómhair ar ClubLeabhar.com?

Seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm Dé hAoine, 29 Meán Fómhar 2017.


Fógrófar an buaiteoir an tseachtain dár gcionn.