Nuachtlitir #40: Meán Fómhair 2017

Margadh na míosa


Bíonn Gaelchultúr i gcónaí ag cur leis na bealaí éagsúla inar féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn ranganna oíche á reáchtáil againn, tá foilseacháin éagsúla d’fhoghlaimeoirí fásta curtha i gcló againn agus, lena chois sin, tá cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.


Táimid den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí níos mó ná modh foghlama amháin a úsáid agus gur fiú go mór triail a bhaint as na bealaí éagsúla atá á gcur ar fáil ag Gaelchultúr agus tú ag iarraidh an teanga a shealbhú.


Chuige sin tá margadh thar a bheith speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Má cheannaíonn tú cóip amháin dár n-acmhainn foghlama Póstaer Pearsan, gheobhaidh tú ceann eile saor in aisce.


Chun an deis seo a thapú, cliceáil ar an nasc seo a leanas:


Póstaer Pearsan

Coinníollacha

• Is féidir leas a bhaint as an margadh seo níos mó ná uair amháin.
• Rachaidh an margadh seo in éag Dé Sathairn, 30 Meán Fómhair 2017.