Nuachtlitir #40: Meán Fómhair 2017

An Ghaeilge i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: Cuid 2


Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le hOrla McMorrow, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le fáil amach cén fáth a bhfuil an Chomhairle chomh tógtha leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG), agus cén chaoi a bhfuil an cúrsa tar éis dul i bhfeidhm ar an dearcadh atá ag muintir na Comhairle i leith na Gaeilge.


Cén fáth ar chinn sibh ar an TGG a reáchtáil sa Chomhairle Cathrach?
Bhuel, an chúis ba mhó ná gur ghá scileanna labhartha Gaeilge na foirne a fheabhsú. Cinnte le blianta anuas bhí ag éirí linn na dualgais reachtúla a bhí orainn ó thaobh na teanga scríofa de a chomhlíonadh, ach thugamar faoi deara go raibh laige ann maidir le seirbhísí ó bhéal. De bharr go raibh laghdú tagtha ar an bhfoireann san iomlán le roinnt blianta anuas, bhí titim dá réir i líon na ndaoine a bhí ábalta seirbhísí ó bhéal a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.


Reáchtálamar cúrsaí éagsúla thar na blianta ach an chúis ar mheall an TGG muid ná gur chúrsaí aitheanta a bhí iontu a raibh cáilíocht de chuid QQI ag baint leo. Má bhaineann daoine an TGG amach is féidir a bheith cinnte go bhfuil caighdeán faoi leith bainte amach acu agus, dá bhrí sin, a bheith cinnte faoin gcumas atá acu plé leis an bpobal tríd an teanga.


Nuair a thosaíomar, dhá bhliain ó shin, bhí sé dhuine dhéag ann a bhí ábalta plé leis an bpobal trí Ghaeilge. Ó thosaíomar ag cur an TGG ar fáil tá nach mór caoga duine ar an liosta atá líofa agus sásta plé leis an bpobal. Is dócha go bhfuil míniú ansin ar an bhfáth a bhfuil muid chomh tógtha leis an TGG. Faoin am seo, táimid tar éis sé chúrsa a reáchtáil agus beimid ag reáchtáil an seachtú ceann i mí Dheireadh Fómhair.


Cén fáth a bhfuil tóir chomh mór sin ar na cúrsaí i measc na bhfostaithe, meas tú?
Arís, is cúrsaí iad a bhfuil cáilíocht ag baint leo agus is cinnte go bhfuil sé sin ina spreagadh do dhaoine, ach is dócha bhfuil baint ag muinín leis an scéal freisin. Bíonn daoine níos muiníní as a gcuid Gaeilge tar éis dóibh na cúrsaí a dhéanamh agus is rud an-tábhachtach é sin. Tógann sé misneach agus muinín plé le custaiméirí trí Ghaeilge, is cuma cé mhéad cúrsa atá déanta agat. Tá cuid mhór daoine ann a bhfuil dhá chúrsa déanta acu – rinne siad Leibhéal 4 agus thángadar ar ais ag iarraidh Leibhéal 5 a dhéanamh. Léiríonn sé sin go bhfuil na baill foirne sásta am a chaitheamh ar na cúrsaí, go gceapann siad go bhfuil tairbhe le baint astu, agus gur fiú iad a dhéanamh.


Lena chois sin, sílim go bhfuil aiseolas an-mhaith á scaipeadh i measc na mball foirne maidir leis na cúrsaí. Bíonn plé agus craic ann maidir leis na ranganna freisin gan amhras – cloiseann daoine a gcomhghleacaithe ag labhairt lena chéile sa cheaintín, nó pé áit agus iad ag rá, “Caithfidh mé imeacht - níl m’obair bhaile déanta agam!” Cothaíonn sé sin dearcadh dearfach thart ar an rud, sílim.


Inis dúinn faoi “Labhair Liom”, tionscnamh atá ar siúl agaibh i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
An rud atá ann go bunúsach ná corda nó banda don svaidhpchárta a chaitheann baill foirne timpeall a muiníl. Tá dath gorm ar an gcorda seo agus na focail “Labhair Liom” scríofa air go deas soiléir feiceálach. Bíonn siad á gcaitheamh ag daoine ar mian leo a chur in iúl go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil siad sásta í a labhairt le daoine, ar a mbealach go dtí an ceaintín, mar shampla, nó ag dul amach ag am lóin nó pé áit a bhíonn i gceist. Is rud iomlán deonach é; níl aon bhrú ar dhaoine an corda a chaitheamh agus ní chuireann sé aon dualgas ar dhuine feidhmiú trí Ghaeilge ná aon rud mar sin – níl ann ach gur bealach maith é chun tús a chur le comhrá. Méadaíonn sé sin na deiseanna labhartha Gaeilge sa Chomhairle.



Tá sé tugtha faoi deara againn go spreagtar rannpháirtithe an TGG anois chun an corda a chaitheamh. Tá sé ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ar bhealach dearfach; tugann siad faoi deara go mbíonn daoine ag labhairt lena chéile dá bharr. Léiríonn sé go bhfuil daoine sásta an méid Gaeilge atá acu a úsáid.


Chuireamar ciorcal comhrá ar bun tamall ó shin freisin. Bíonn sé ar siúl maidin Dé Máirt idir 10.00am agus 11.00am agus “Caife is Comhrá” a ghlaoimid air. Fógraítear ar an inlíne é agus tugtar cuireadh do gach ball foirne freastal air, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu. Measaim go dtugann sé deis dóibh siúd a bhfuil leibhéal áirithe bainte amach acu feabhas a chur ar a gcuid scileanna nó ar a laghad an méid atá acu a choimeád. Tarlaíonn sé uaireanta le ciorcail chomhrá nach leanann siad ar aghaidh de bharr easpa suime ach mar gheall go mbíonn cúrsaí nua de chuid an TGG á reáchtáil againn go minic tagann daoine nua an t-am ar fad agus coinnítear an rud sa tsiúl.


An dóigh leat go bhfuil an meon i leith na Gaeilge athraithe mórán ó thosaigh an Chomhairle ag reáchtáil cúrsaí de chuid an TGG?

I gcoitinne sílim go bhfuil normalú ar siúl san eagraíocht ó thaobh na Gaeilge de. Glactar leis go mbíonn daoine ag lorg seirbhísí Gaeilge agus go bhfuil daoine ann chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. De bharr an TGG tá an misneach ag daoine na seirbhísí sin a chur ar fáil. Fiú i measc na ndaoine nach bhfuil Gaeilge acu, má thagann fiosrúcháin isteach trí Ghaeilge níl an sceon ann i leith na teanga is a bhíodh roimhe seo, mar go dtuigeann siad go bhfuil tacaíocht ann anois.


Le dhá bhliain anuas braithim go bhfuil an bhá i leith na Gaeilge méadaithe go mór in Oifigí na Cathrach agus go bhfuil atmaisféar dearfach á chothú i leith na Gaeilge. Is dócha go mbaineann sé sin cuid mhaith le daoine a bheith ag éisteacht leis an teanga á labhairt níos minice timpeall an fhoirgnimh. Inár n-oifig féin mar shampla, áit a bhfuil plean oscailte i gceist, tá cleachtadh ag daoine ar a bheith ag éisteacht le foireann an Aonaid Forbartha Gaeilge ag labhairt na teanga an t-am ar fad. Ba bhreá liom dá mbeadh sé amhlaidh i ngach uile oifig anseo le himeacht ama!





Cuirfear tús arís leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil i nGaelchultúr i mBaile Átha Cliath ar an 25 Meán Fómhair 2017, ach is féidir cúrsaí intí a reáchtáil in eagras ar bith ag am ar bith in aon áit sa tír. Más mian leatsa tuilleadh eolais a fháil faoin TGG, faoi na modhanna éagsúla seachadta atá ar fáil i gcás an chúrsa nó más mian leat measúnú saor in aisce a sceidealú duit féin nó don fhoireann i d’ionad oibre (is cuma cén áit san tír ina bhfuil tú), tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com, glaoigh ar Michelle Seoighe, Bainisteoir Forbartha Gnó Ghaelchultúir ag an uimhir (01) 484 5225 nó seol teachtaireacht ríomhphoist chuig michelle@gaelchultur.com.