Nuachtlitir #39: Iúil 2017

Comórtas


Cloisimid scéalta go minic faoi dhaoine a bhfuil spéis acu cúrsa Gaeilge a dhéanamh ach nach bhfiosraíonn an scéal riamh. Is fearr go mall ná go brách, áfach, dar linne anseo i nGaelchultúr! Tá ranganna oiriúnacha ag Gaelchultúr do dhaoine ag gach leibhéal cumais, bíodh siad ina nglantosaitheoirí amach is amach nó go díreach ag iarraidh snas a chur ar a gcuid gramadaí.


Le spreagadh a thabhairt dóibhsean a raibh drogall orthu go dtí seo cúrsa a dhéanamh, tá deis á tabhairt ag Gaelchultúr dár léitheoirí an mhí seo dearbhán de luach €100 a bhuachan le haghaidh ranganna oíche an fhómhair.


Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Cén dáta ar a dtosóidh ranganna oíche Ghaelchultúir an fómhar seo?

Seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm Dé hAoine, 28 Iúil 2017.


Fógrófar an buaiteoir an tseachtain dár gcionn.