Nuachtlitir #39: Iúil 2017

Margadh na míosa


Bíonn Gaelchultúr i gcónaí ag cur leis na bealaí éagsúla inar féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn ranganna oíche á reáchtáil againn, tá foilseacháin éagsúla d’fhoghlaimeoirí fásta curtha i gcló againn agus, lena chois sin, tá cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.


Táimid den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí níos mó ná modh foghlama amháin a úsáid agus gur fiú go mór triail a bhaint as na bealaí éagsúla atá á gcur ar fáil ag Gaelchultúr agus tú ag iarraidh an teanga a shealbhú.


Chuige sin tá margadh thar a bheith speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir agus d’fhoghlaimeoirí timpeall an domhain an mhí seo: lascaine 50% ar phraghas na gcúrsaí teanga ginearálta ar ranganna.com do mhí Iúil ar fad. Is iad na cúrsaí atá i gceist anseo ná Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, Gramadach gan Stró! (Eagrán 4) agus QuickGuide Irish Grammar.


Le ranganna.com, is féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim ar an mbus chun na hoibre, ar do laethanta saoire nó áit ar bith ar domhan. Tá an suíomh curtha in oiriúint do ghutháin chliste agus do ríomhairí táibléid agus tá sé an-éasca a úsáid.


Ádh mór ort!


Coinníollacha

Rachaidh an margadh seo in éag Dé Luain, 31 Iúil 2017.