Nuachtlitir #39: Iúil 2017

An Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán: agallamh le hiarmhac léinn


An bhfuil tú ag smaoineamh ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán (DISA) a dhéanamh le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr an fómhar seo? Nó b’fhéidir go bhfuil tú fós idir dhá chomhairle faoi? Tá neart eolais le fáil faoin DISA ar gaelchultur.com, gan amhras, ach uaireanta is é an bealach is fearr le léargas a fháil ar chúrsa ná trí shúile na mac léinn.


Chuige sin, labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le déanaí le Gordon McCoy, a thug faoin DISA in 2015–2016, lena chuid tuairimí a fháil faoin gcúrsa agus le fáil amach cén chaoi a bhfuil an cúrsa tar éis dul chun sochair dó ina shaol gairmiúil.


Déan cur síos ar do chúlra oideachais.
Ní raibh cáilíocht sa Ghaeilge agam nuair a chuaigh mé go hOllscoil na Banríona le céim sa Cheiltis agus san Antraipeolaíocht a dhéanamh – mar sin, tugadh bliain sa bhreis dom le breith suas ó thaobh na Gaeilge de. Nuair a bhí an chéim bainte amach agam, d’fhan mé san ollscoil le dochtúireacht a dhéanamh. Ba é CELTA, teastas i dteagasc an Bhéarla d’aosaigh, an cúrsa ba mhó a rinne mé ó shin, sula ndearna mé an ceann seo. Fearacht go leor eile de m’aois (tá mé 54 anois), deirim go bhfuil mé tuirseach de chúrsaí ach cláraím ar chúrsaí cibé!


Ar tógadh le Gaeilge tú? Cén taithí a bhí agat ó thaobh na Gaeilge de sular thosaigh tú ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán?
Is de chúlra Protastúnach an Tuaiscirt mé agus ní raibh a fhios agam gur teanga bheo í an Ghaeilge go raibh mé 19 mbliana agus chonaic mé Clannad ag ceol i nGaeilge ar Top of The Pops. Chuir sin cor mór i mo chinniúint, cionn is go bhfuil mé ar slabhra ag an teanga ó shin. Roimhe sin mheas mé go raibh an Ghaeilge ar nós na Laidine – marbh ach ina hábhar scoile ó dheas. Chaith mé a lán ama á foghlaim sa Ghaeltacht agus d’oibrigh mé le beirt chainteoirí dúchais san eagraíocht Ghaeilge Iontaobhas ULTACH ar feadh i bhfad, rud a chuidigh go mór liom le mo chumas labhartha. Ach bhí mé an-bhuartha faoi mo chumas scríbhneoireachta sa teanga – bhí cúrsa gramadaí déanta agam ar an ollscoil ach bhí mé ag iomrascáil le filíocht na mbard agus leis an tSean-Ghaeilge ag an am chéanna. Bhí mé faoi bhrú agus ródhírithe ar scrúduithe le tuiscint dhomhain a fháil ar rud ar bith. Agus níor thuig mé mo chuid nótaí scrábacha!


Cén fáth ar chinn tú ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán a dhéanamh? Cén áit ar chuala tú faoin gcúrsa?
Ta clú maith ar Ghaelchultúr, thuaidh agus theas. Rinne mé cúrsa de chuid an chomhlachta in 2009 agus phléigh muid trí mhistéir mhóra na Gaeilge, i mo thuairimse: an chopail, ginideach an ghinidigh, agus an difear idir ‘ag’, ‘á’ agus ‘a’. Ní raibh mé in ann a mhacasamhail de chúrsa a fháil ina dhiaidh sin agus choinnigh mé súil ar shuíomh gréasáin Ghaelchultúir. Rinne mé an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge, a bhí de dhíth go géar orm, agus chuaigh rud amháin i bhfeidhm go mór orm , is é sin, nuair a rinne mé meancóg i mo chuid oibre baile, fuair mé cúpla abairt, nó alt fiú, ina raibh míniú ar an rud a bhí contráilte agam. Mar sin de, nuair a d’éirigh liom sa chúrsa sin, chinn mé ar an Dioplóma Iarchéime a dhéanamh. Cé go bhfuil cónaí orm i mBéal Feirste agus go bhfuil Gaelchultúr lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ní raibh orm dul ann ach uair sa mhí, agus níor chuir sin mórán stró orm.


Cad iad na rudaí is mó a d’fhoghlaim tú le linn an chúrsa?
Tá a lán gnéithe den teanga nach féidir a fhoghlaim leat féin sa bhaile agus d’fhoghlaim mé an t-uafás. D’fhoghlaim mé cúpla ‘canúint’ de chuid na Gaeilge – an Caighdeán agus an Ghaeilge dhlíthiúil, agus an gaol atá eatarthu agus an teanga labhartha. Ó thaobh na gramadaí de, cíoradh go leor cásanna caolchúiseacha, mar shampla, nuair a deirimid leithéidí ‘Labhraíonn Gearmánaigh Gearmáinis’, tá muid ag maíomh go labhraíonn siad teanga eile cuid den am! D’fhoghlaim mé a lán comhthéacsanna teanga – teoiric an aistriúcháin, fadhb an Bhéarlachais agus rudaí eile. Agus fuair mé go leor scileanna ríomhaireachta – cuid acu a bhain leis an Ghaeilge amháin ach go leor eile atá so-aistrithe go comhthéacsanna eile.


Ar chabhraigh an cúrsa leat dul chun cinn a dhéanamh sa saol oibre? An bhfuil na scileanna a d’fhoghlaim tú á gcur i bhfeidhm agat anois?
Cinnte. Chuir mé na scileanna i bhfeidhm láithreach bonn mar bíonn orm Gaeilge a scríobh agus a theagasc i mo shaol oibre. Tá mé ag obair le Turas, ionad na Gaeilge i Misean Oirthear Bhéal Feirste, agus nuair a chuala cúpla múinteoir eile go raibh mé ag gabháil don chúrsa, thosaigh siad ag cur ceisteanna orm faoi ghnéithe éagsúla den Ghaeilge. Iarradh orm rang GCSE a theagasc agus thoiligh mé é a dhéanamh, siocair go bhfuil níos mó muiníne agam as mo chuid Gaeilge anois.



An bhfuil sé i gceist agat níos mó staidéir a dhéanamh ar an nGaeilge?
Cinnte. Bhí an ceart ag an té a dúirt, ‘Mura mbaineann tú feidhm as rud, cailleann tú é’. Tá cuid den eolas a fuair mé greanta i m’intinn anois, ach tá dearmad déanta agam ar chodanna eile. Bíonn orm dul siar ar mo chuid nótaí go minic agus eagar a chur orthu sa dóigh is go mbeidh an t-eolas so-aimsithe agus sothuigthe. Obair shaoil ar fad atá i gceist le foghlaim na Gaeilge. Chláraigh mé ar rang oíche abhus atá á mhúineadh ag aistritheoir, agus chuir sé go mór le m’eolas ar an teanga. Ní dóigh liom go mbeidh go leor ama agam le freastal ar chúrsa cuimsitheach arís de bharr cúinsí oibre, ach ba bhreá liom dul ar mhionchúrsaí cruinnis agus gramadaí amach anseo.



Is féidir cliceáil ar an íomhá thuas le teacht ar bhróisiúr an DISA do 2017–2018.