Nuachtlitir #38: Aibreán 2017

Blaiseadh den Ghaeilge


Beidh imeacht saor in aisce, Blaiseadh den Ghaeilge, á reáchtáil ag Gaelchultúr an Satharn seo, 22 Aibreán, inár n-ionad ag 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2. Buail isteach chugainn idir 12.00pm agus 1.00pm agus déanfaimid do chumas sa Ghaeilge a mheas. Ina dhiaidh sin, beidh deis agat freastal ar rang Gaeilge fiche nóiméad, rud a thabharfaidh blaiseadh duit den stíl mhúinteoireachta a úsáidimid. Beidh tú in ann clárú do chúrsa an tsamhraidh freisin, más mian leat, ach ní bheidh sé sin riachtanach.


Ní gá dóibhsean ar mian leo freastal ar Bhlaiseadh den Ghaeilge áit a chur in áirithe roimh ré.


Tuilleadh eolais: eolas@gaelchultur.com / (01) 484 5220.