Nuachtlitir #38: Aibreán 2017

Comórtas


Cloisimid scéalta go minic faoi dhaoine a bhfuil spéis acu cúrsa Gaeilge a dhéanamh ach nach bhfiosraíonn an scéal riamh. Is fearr go mall ná go brách, áfach, dar linne anseo i nGaelchultúr! Tá ranganna oiriúnacha ag Gaelchultúr do dhaoine ag gach leibhéal cumais, bíodh siad ina nglantosaitheoirí amach is amach nó bíodh siad ag iarraidh snas a chur ar a gcuid gramadaí.


Le spreagadh a thabhairt dóibhsean a raibh drogall orthu go dtí seo cúrsa a dhéanamh, tá Gaelchultúr ag tabhairt deis dár léitheoirí dearbhán de luach €100 a bhuachan an mhí seo, ar féidir é a chaitheamh ar ranganna oíche an tsamhraidh.


Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Cé mhéad contae ina mbíonn ranganna oíche Ghaelchultúir ar siúl?

Seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm Déardaoin, 27 Aibreán 2017.


Fógrófar an buaiteoir an lá dár gcionn.