Nuachtlitir #38: Aibreán 2017

Margadh na míosa


Bíonn Gaelchultúr i gcónaí ag cur leis na bealaí éagsúla inar féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn ranganna oíche á reáchtáil againn, tá foilseacháin éagsúla d’fhoghlaimeoirí fásta curtha i gcló againn agus, lena chois sin, tá cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.


Táimid den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí níos mó ná modh foghlama amháin a úsáid agus gur fiú go mór triail a bhaint as na bealaí éagsúla atá á gcur ar fáil ag Gaelchultúr agus tú ag iarraidh an teanga a shealbhú.


Chuige sin tá margadh thar a bheith speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Má cheannaíonn tú ceann d’fhoilseacháin Ghaelchultúir d’fhoghlaimeoirí fásta ó siopa.ie, tabharfaimid síntiús 3 mhí saor in aisce duit don chúrsa den teideal céanna ar ranganna.com. Is iad na foilseacháin atá i gceist ná Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, Gramadach gan Stró! (Eagrán 4), agus QuickGuide Irish Grammar.


Coinníollacha

• Ní mór ríomhphost a chur chuig eolas@siopa.ie agus “MARGADH” mar ábhar aige i ndiaidh duit d’ordú a chur isteach.
• Ní féidir leas a bhaint as an margadh seo ach uair amháin in aghaidh an duine.
• Rachaidh an margadh seo in éag Dé Céadaoin, 31 Bealtaine 2017.