Nuachtlitir #37: Eanáir 2017

Cuir aithne ar ár múinteoirí 6: Caitlín Nic Íomhair


Tá Caitlín Nic Íomhair ag obair le Gaelchultúr le sé mhí anuas. Bíonn sí teagasc ranganna oíche agus ranganna de chuid an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil, le cois a bheith ag obair mar scrúdaitheoir leis an gcomhlacht. Nuair nach mbíonn Caitlín ag obair le Gaelchultúr, bíonn sí sáite i litríocht na Gaeilge. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir léi le déanaí le tuilleadh a fháil amach fúithi.


Inis dúinn fút féin.
Is Ultach mé, as Beannchar i gContae an Dúin ó dhúchas, ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath le seacht mbliana anuas. Tá céim agam sa Léann Éireannach ó Choláiste na Tríonóide, agus tá mé díreach i ndiaidh tráchtas dochtúireachta a chríochnú ar shaothar Biddy Jenkinson, file comhaimseartha den chéad scoth. Is mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir is mó a thugaim mo bheatha i dtír anois. Tá dúil mhór agam sa teagasc, sa litríocht agus sa léann.



Cén chaoi ar thosaigh tú ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta?
Múinteoir Béarla a bhí ionam ar dtús sna déaga i mBéal Feirste, agus aisteach go leor is trí Bhéarla a mhúineadh a tháinig mé ar an Ghaeilge. Bhí éad orm le mo chuid mac léinn, ar inimircigh iad, go raibh teanga dá gcuid féin acu agus dá bharr sin chinn mé ar an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí sé deacair teacht ar ranganna i mo chuidse den Dún ach d’éirigh liom sa deireadh.


De réir a chéile d’éirigh mé gafa ar fad leis an Ghaeilge agus bhog mé go Baile Átha Cliath le céim a bhaint amach inti. Mar mhúinteoir agus mar fhoghlaimeoir fásta mé féin, chuir mé spéis i modhanna éagsúla teagaisc na múinteoirí. D’fhoghlaim mé cuid mhór le linn na mblianta sin, ní hamháin faoin teanga ach faoin teagasc féin. Bhraith mé riamh go raibh féith na múinteoireachta ionam féin, agus dáimh níos fearr agam le daoine fásta ná déagóirí, mar sin nuair a tháinig an deis a bheith ag teagasc le Gaelchultúr, thapaigh mé go fonnmhar í!


Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat?
Tá mo chroí istigh san fhilíocht agus sa litríocht i gcoitinne. Bím ag scríobh mé féin ach is fearr an léirmheastóir ná an cumadóir mé, faraor! Tá dúil mhór agam sa chócaireacht agus i gcúrsaí bia. Is breá liom ainmhithe, go háirithe cait, agus is aoibhinn liom rac-cheol agus cláracha grinn. Ach tá trí phost teagaisc agam faoi láthair, mar sin nuair a bhíonn “am saor” agam is minic gur ag ceartú aistí a bhím!


Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag múineadh do Ghaelchultúr?
Bím ag múineadh i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (nó Coláiste Phádraig, mar a tugadh air roimhe seo) chomh maith, agus bím ag scríobh ailt acadúla agus léirmheasanna go tráthrialta faoin litríocht. Faoi láthair tá mé ar saoire scríbhneoireachta i dTír Chonaill na gréine, ag súil le slacht a chur ar phíosaí éagsúla agus m’anáil a tharraingt i ndiaidh téarma gnóthach teagaisc.



Cad iad na rudaí is mó a thaitníonn leat faoi bheith ag múineadh daoine fásta?
Tá spleodar agus craic ag baint le daoine fásta nach mbíonn i gceist le rang scoile. Bíonn mic léinn fásta aibí agus muiníneach, mar sin ní bhíonn sé deacair iad a chur ag caint – a mhalairt! – agus tuigeann siad luach an oideachais. Bíonn siad béasach agus fiosrach agus, go pearsanta, is breá liom go bhfuil athmhuintearas á dhéanamh acu leis an teanga. Mar fhoghlaimeoir fásta mé féin, tuigim na dúshláin a bhaineann leis an turas teanga ach tuigim fosta chomh tairbheach leis. Is pribhléid é a bheith ag cuidiú le daoine ar an turas sin agus tógann sé mo chroí nuair a fheicim mo chuid mac léinn ag feabhsú leo.