Nuachtlitir #37: Eanáir 2017

Imeachtaí Gaeilge: Pop Up Gaeltacht


Beidh Gaeil ó gach cearn den tír ag cruinniú le chéile arís i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo don chéad imeacht eile de chuid an Pop Up Gaeltacht. Beidh an t-imeacht ar siúl i dteach tábhairne P. Mac’s ar Shráid Stiabhna Íochtarach sa chathair, tráthnóna Déardaoin, 26 Eanáir. An sprioc atá ag an Pop Up Gaeltacht ná deis a thabhairt do phobal na Gaeilge agus do chairde na nGael araon deoch nó dhó a ól le chéile agus an teanga a úsáid.


Seo an tríú teacht le chéile de chuid an Pop Up Gaeltacht, imeacht úrnua neamhfhoirmiúil ar chuir Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha tús leis i mí na Samhna, agus is cúis iontais é do lucht a eagraithe an tóir a bhí ar an gcéad dá ócáid.


“Bhí an chéad dá cheann thar cionn,” arsa an Caomhánach. “Níor chreideamar an líon daoine a bhailigh isteach. Bhí timpeall 200 duine in Bar Rua i mí na Samhna, agus bhí tuairim is 180 linn sa Grand Social ar an 29 Nollaig, ag an am is measa den bhliain, b’fhéidir, le hócáid a eagrú. Anuas air sin, eagraíodh Pop Up Gaeltachtaí le linn mhí na Nollag in Manhattan, i Nua-Eabhrac agus in Georgetown, Washington DC. Is ‘foinse oscailte’ é coincheap an Pop Up Gaeltacht agus tá fáilte roimh aon duine ar domhan ceann a eagrú.”


Shocraigh an péire plean a chur i ngníomh i ndiaidh dóibh neart dearcaí diúltacha a bhrath sna meáin shóisialta i leith na teanga. Bhí siad ag iarraidh, a deir Ó Caomhánaigh, ócáid a eagrú a léireodh go raibh an Ghaeilge beo sa phríomhchathair agus go raibh sí “feiceálach agus le clos”.


“Bheartaíomar beár a roghnú agus cuireadh a chur amach ar na meáin shóisialta. B’in tús an scéil agus is léir gur éirigh go geal leis, mar thús ar aon nós.”


Ó thaobh spriocanna fadtéarmacha de, deir Ó Caomhnáigh nach bhfuil teorainn ar bith leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an Pop Up Gaeltacht. Bunaithe ar an rath a bhí ar na hoícheanta go dtí seo, is léir go mbeidh an t-imeacht linn go ceann i bhfad.





An slua taobh amuigh de Bar Rua ag an gcéad Pop Up Gaeltacht i mí na Samhna