Nuachtlitir #37: Eanáir 2017

Margadh na míosa


Bíonn Gaelchultúr i gcónaí ag cur leis na bealaí éagsúla inar féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn ranganna oíche á reáchtáil againn, tá foilseacháin éagsúla d’fhoghlaimeoirí fásta curtha i gcló againn agus, lena chois sin, tá cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.


Táimid den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí níos mó ná modh foghlama amháin a úsáid agus gur fiú go mór triail a bhaint as na bealaí éagsúla atá á gcur ar fáil ag Gaelchultúr agus tú ag iarraidh an teanga a shealbhú.


Chuige sin tá margadh thar a bheith speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Má cheannaíonn tú ceann amháin dár n-acmhainní foghlama Póstaer PearsanRéalta an Ranga, gheobhaidh tú ceann eile saor in aisce.


Is féidir an deis seo a thapú ag na naisc seo a leanas:

Póstaer Pearsan
Réalta an Ranga

Coinníollacha

• Is féidir leas a bhaint as an margadh seo níos mó ná uair amháin.
• Rachaidh an margadh seo in éag Dé Máirt, 28 Feabhra 2017.