Nuachtlitir #37: Eanáir 2017

Comórtas


Cloisimid scéalta go minic faoi dhaoine a bhfuil spéis acu cúrsa Gaeilge a dhéanamh ach nach bhfiosraíonn an scéal riamh. Is fearr go mall ná go brách, áfach, dar linne anseo i nGaelchultúr! Agus de bhrí go bhfuil ranganna againn ag suas le seacht leibhéal éagsúla, níl leithscéal ar bith acusan atá ag cur cinneadh maidir le rang a dhéanamh ar an méar fhada!


Agus mar spreagadh breise, tá Gaelchultúr ag tabhairt deis do léitheoirí na nuachtlitreach seo dearbhán de luach €100 a bhuachan an mhí seo, ar féidir é a chaitheamh ar ár gcuid ranganna oíche.


Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Cé mhéad seachtain a mhaireann ranganna oíche Ghaelchultúir?

Seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm Déardaoin, 26 Eanáir 2017.


Fógrófar an buaiteoir an lá dár gcionn.