Nuachtlitir #37: Eanáir 2017

Buaiteoirí an chomórtais


Comhghairdeas le Déaglán Ó Dúbhda, Cathal Ó Catháin agus Brian Ó Fiaich, buaiteoirí chomórtas nuachtlitir mhí Mheán Fómhair. Tá cóip den cheathrú heagrán de Gramadach gan Stró!, graiméar móréilimh Ghaelchultúir, buaite acu triúr.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh an duais a bhuachan, ná déanaigí dearmad gur féidir libh cóip de Gramadach gan Stró!, mar aon le neart leabhar agus acmhainní eile, a cheannach ar ár siopa ar líne, siopa.ie