Nuachtlitir #37: Eanáir 2017

Nasc na míosa: Treoirfhíseáin an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge


Má bhíonn tú ag plé leis an nGaeilge go rialta, is cinnte go mbíonn úsáid á baint agat as an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Ach, an bhfuil an úsáid is éifeachtaí á baint agat as an uirlis luachmhar seo?


Tá roinnt físeán curtha ar fáil ag lucht an Fhoclóra le cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar na háiseanna atá ann mar chuid den fhoclóir. Tá na físeáin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá siad breá gearr agus éifeachtach.


Tá leideanna sna físeáin maidir leis na comhaid fuaime atá ar an suíomh agus faoin mbealach ar féidir le húsáideoirí teacht ar eolas gramadaí. Chomh maith leis sin, tá comhairle ann faoin gcuardach droim ar ais.


Cuireann foireann an fhoclóra fáilte i gcónaí roimh aiseolas ón bpobal. Mar sin, má bhíonn tuairimí nó smaointe agat le roinnt leo nó eolas breise uait faoin bhfoclóir, is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag an seoladh aiseolas@focloir.ie.