Dianchúrsa Ullmhúcháin Aon Lae d'Agallamh Gaeilge na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)
Cuir in áirithe
Tús an chúrsa 20 Eanáir 2018
Críoch an chúrsa 20 Eanáir 2018
Cathain Dé Sathairn, 20 Eanáir 2018, 10.00am - 4.30pm
Seisiúin 1
Praghas €149
Leibhéal Dianchúrsa Ullmhúcháin d'Agallamh Gaeilge na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas
Ionad Baile Átha Cliath - Gaelchultúr
Sonraí an chúrsa
Eolas faoin rang
Ionad

Is cúrsa é seo dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh Gaeilge don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht). Dírítear ar na príomhábhair chainte a bhíonn i gceist san agallamh agus cuirtear ar chumas na rannpháirtithe a gcuid scileanna cainte a fhorbairt agus cur lena stór focal.

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas:
• tús maith a chur leis an agallamh, rud a chuirfidh ar a suaimhneas iad, agus a rachaidh i bhfeidhm ar na hagallóirí;
• briathra a úsáid i gceart;
• freagraí fada, ina bhfuil scoth na Gaeilge, a thabhairt ar cheisteanna a thagann chun cinn go minic san agallamh;
• freagraí a thabhairt atá cruinn ó thaobh na gramadaí de;
• sleachta próis a léamh gan deacracht;
• úsáid a bhaint as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fáil ar líne anois.

Tá an cúrsa oiriúnach ó thaobh caighdeáin de do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, roinnt mhaith blianta ó shin, b’fhéidir. Tuigeann siad go leor den teanga ach is beag deis a bhí acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna dóibh an teanga a léamh agus a scríobh chomh maith. Déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs, de réir mar atá sí ag teastáil.

Beidh fáil ag na rannpháirithe ar chúrsa ar líne ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, ón am a chláraíonn siad. Cliceáil anseo le triail a bhaint as an gcúrsa sin saor in aisce.

Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn i gceist san agallamh agus tabharfar deis do na rannpháirtithe a gcuid scileanna cainte a fhorbairt agus cur lena stór focal.

Beidh fáil ag rannpháirithe freisin ar chúrsa ar líne ón am a chláraíonn siad ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com.

Gaelchultúr,
11 Sráid an Chláraigh,
Baile Átha Cliath 2