6 Mholadh le Páirt Ghníomhach a Ghlacadh i Seachtain na Gaeilge

Scríofa ag Ellen Curtin Feabhra, 2022
Roinn:

Beidh an Ghaeilge á ceiliúradh ag Gaeilgeoirí fud fad na cruinne sna seachtainí atá amach romhainn. Agus Seachtain na Gaeilge ag druidim linn, níl am ar bith níos fearr ann le cúpla focal Gaeilge a úsáid agus le páirt a ghlacadh in imeachtaí teanga timpeall an domhain.


Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia agus tá sí ar cheann de na hócáidí ceiliúrtha is mó a bhaineann le teanga agus le cultúr dúchais na tíre gach bliain. In ainneoin an teidil, maireann Seachtain na Gaeilge níos faide ná seachtain amháin. Bíonn ócáidí agus feachtais teanga ar súil ar feadh os cionn coicíse agus an fhéile ar siúl idir 1 agus 17 Márta.

6 Mholadh le Páirt Ghníomhach a Ghlacadh i Seachtain na Gaeilge
“Cén fáth, mar sin, a dtugtar Seachtain na Gaeilge ar an bhféile?” a fhiafraítear. Bhuel, tá an fhéile seo ar an bhfód ó a bhí 1902 ann. Ceiliúradh seachtaine a bhí ann nuair a bunaíodh í an chéad lá riamh agus Seachtain na Gaeilge a tugadh uirthi. Dé réir a chéile tharraing an fhéile seo aird phobal na hÉireann agus Ghaeil níos faide i gcéin. Tháinig borradh ar an spéis agus ar an éileamh a bhí ar imeachtaí teanga agus beartaíodh ar fhad a chur leis an bhféile dá bharr. Níor athraíodh an t-ainm, áfach, mar gheall ar an gclú agus cáil a bhí ar an bhféile ar faoin tráth sin.


Is dea-chomhartha é don teanga go mbíonn Seachtain na Gaeilge ag dul ó neart go neart agus beidh Seachtain na Gaeilge 2022 níos fearr fós. Seo chugat ár gcuid moltaí más spéis leat an teanga an cheiliúradh le linn na tréimhse speisialta seo den bhliain.


1. Labhair cúpla focal

Tá abairt Ghaeilge nó dhó ag formhór na ndaoine atá ag cur fúthu in Éirinn, acu siúd a rinne staidéar uirthi ar scoil agus acu siúd nach ndearna araon. Molaimid daoibh páirt a ghlacadh san fhéile chultúrtha seo agus na frásaí seo a úsáid agus sibh i mbun comhrá le bhur gcairde agus le bhur muintir:


· Dia duit.
· Conas atá tú?
· Is deas tú a fheiceáil.
· An bhfuil aon scéal agat?
· Abair as Gaeilge é le do thoil!
· Beannachtaí Lá Fhéile Pádraig ort


Agus níl leithscéal ag duine ar bith gan ‘sláinte’ a rá agus Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh acu le cúpla deoch.

2. Léirigh go bhfuil Gaeilge agat

Gan amhras, is deis iontach í Seachtain na Gaeilge iompú ar an nGaeilge i measc do chairde agus do mhuintire, ach cad faoi chomhráite trí mheán na Gaeilge a chothú i measc an phobail? Is féidir suaitheantais agus fáinní a cheannach ar siopa.ie le cur in iúl do dhaoine go bhfuil Gaeilge agat agus gur mian leat í a labhairt. Tá costas €2.00 ar na suaitheantais seo. Caith suaitheantas le linn Sheachtain na Gaeilge agus cuirfidh sé iontas ort cé mhéad duine a labhróidh Gaeilge leat. Ní fheadar, seans go mbuailfidh tú le cara nua fiú.


3. Lean @gaelchultur_ ar Instagram

Táimid rud beag gafa le Seachtain na Gaeilge anseo i nGaelchultúr. B’fhiú súil a choinneáil ar ár gcuntas Instagram le linn na féile. Beidh imeachtaí fíorúla, ceachtanna teanga, comórtais, lascainí agus go leor iontas eile á reáchtáil againn ar feadh na tréimhse.


4. Ciorcal Comhrá

Is cuma más dalta scoile tú nó má tá post agat, bíonn éileamh ar chiorcal comhrá i gcónaí. Cuir am ar leataobh ag am lóin agus tabhair cuireadh do do chairde nó do chomhghleacaithe an sos a chaitheamh ag baint sult as comhráite Gaeilge.


5. Acmhainní Ilmheánacha

Tá go leor acmhainní den chéad scoth ar fáil ar líne le grá a mhúscailt i measc páistí óga agus daoine fásta araon. Bíonn idir chláir agus fhíseáin spreagúla, chomórtais agus phuzail ar fáil ag cula4.com, is cinnte go mbainfidh cainteoirí agus foghlaimeoirí óga taitneamh astu. Do dhaoine fásta, molaimid daoibh éisteacht le Raidió na Gaeltachta le canúintí binne na nGaeltachtaí a chloisteáil. Caithigí súil ar an gcainéal Youtube atá ag Gaelchultúr agus bainigí leas as na céadta físeán spraíúil a chuirtear ar fáil ann a dhíríonn ar chúrsaí gramadaí, frásaí úsáideacha agus mallachtaí greannmhara.


6. Cuir tús le cúrsa Gaeilge

Is cuma cén áit ar domhan a bhfuil tú lonnaithe is féidir páirt a ghlacadh i ranganna Gaeilge idirghníomhacha beo ar líne. Cas le Gaeilgeoirí agus le foghlaimeoirí eile ó gach cearn den domhan agus foghlaim Gaeilge le cúrsaí Ghaelchultúir beo ar líne. Mar sin, más mian leat do chuid scileanna teanga a shaibhriú nó más mian leat Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh ar bhealach taitneamhach a chothóidh dáimh leis an teanga, molaimid duit clárú ar na cúrsaí móréilimh seo gan mhoill.


Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: