Logáil isteach, mic léinn

Cuir isteach do ríomhphost agus pasfhocal

Pasfhocal dearmadta?
Students

Nuacht

Facebook

Lean muid ar www.facebook.com...

Foras na Gaeilge
Ranganna Gaeilge oíche - Fómhar 2010

Beidh ranganna Gaeilge oíche an fhómhair ag tosú sa tseachtain dar tosach 20 Meán Fómhair 2010. Beidh ranganna ar siúl i 15 ionad timpeall na tíre. Moltar duit clárú go luath.
Áirithintí & Ionaid - Bróisiúr ranganna Gaeilge - Triail Ghaeilge ar Líne saor in aisce

Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge: M. Fómhair - Nollaig 2010

Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge – MA san aistriúchán, cuir i gcás – ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. Tá cúrsa an tsamhraidh lán ach beidh ceann eile ar siúl ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.

Bróisiúr an chúrsa - Áirithintí
Cur síos ar an gcúrsa do mhic léinn in Éirinn
Cur síos ar an gcúrsa do mhic léinn thar lear

Dianchúrsa Gaeilge ag Meánleibhéal 1: Meán Fómhair - Nollaig 2010

Tá dianchúrsa ag meánleibhéal 1 forbartha ag Gaelchultúr chun cabhrú le daoine feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge in achar gearr ama. Tá meascán den ríomhfhoghlaim agus de sheisiúin lae sa seomra ranga i gceist sa chúrsa, rud a thugann deis do mhic léinn foghlaim ag amanna a oireann dóibh féin, gan an brú a bheith orthu a bhaineann le freastal ar ranganna seachtainiúla thar roinnt míonna. Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin.

Bróisiúr an chúrsa - Áirithintí

MA sa Ghaeilge Fheidhmeach (ITBÁC, i bpáirt le Gaelchultúr)

Tosóidh an chéad chúrsa eile ag tús mhí Feabhra 2011. Tá an MA seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Dámh na nEalaíon Feidhmeach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr. Is é an spriocdháta d’iarratais do chúrsa 2011 ná 22 Meán Fómhair 2010. Cliceáil anseo

An tArdteastas san Oideachas - Agallaimh

Cuireann Gaelchultúr dianchúrsaí ar fáil i rith na bliana dóibh siúd ar mian leo ullmhúchán a dhéanamh d'agallamh Gaeilge an Ardteastais san Oideachas (Bunmhúinteoireacht). Cliceáil anseo

Foghlaim Gaeilge ar líne

Bain triail as ár suíomh ríomhfhoghlama www.ranganna.com inniu saor in aisce. Foghlaim Gaeilge ag do luas féin, sa bhaile nó san oifig. Cúrsaí ag an meánleibhéal, cruinneas sa Ghaeilge, cúrsaí do mhúinteoirí. Cliceáil anseo

Tástáil do chuid Gaeilge ar líne - saor in aisce

Dála na mílte eile go dtí seo, déan do chuid Gaeilge a thástáil ar líne saor in aisce.Cliceáil anseo

Imeachtaí

Gaeilge gan Stró!
Tá cúrsa teanga ar líne ag an meánleibhéal, G ...

Féach ar na himeachtaí ar fad

Outside Filmbase

PDFanna le híoslódáil